An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
m r2.4.3) (róbat ag baint: is:Michael Collins
No edit summary
Líne 21:
|}}
 
Ba cheannaire míleata agus polaiteoir [[Éire]]annach é '''Mícheál Eoin Ó Coileáin''' nó ''Míċeál Ó Coileáin'' (''Michael Collins'' an [[Béarla|Bhéarla]]; [[16 Deireadh Fómhair]], [[1890]] – [[22 Lúnasa]], [[1922]]) a rugadh i g[[Contae Chorcaí]]. Bhí sé beartach i g[[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]], agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1921]]. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach [[an Chéad Dáil|na Chéad Dála]]. De dheasca an chonartha seo a chuaigh an [[Críochdheighilt na hÉireann|chríochdheighilt]] ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug [[Eamon de Valera|de Valera]] aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|gCogadh Cathartha]]. Bhí an Coileánach chun tosaigh ar na fórsaí a bhí ag cur in aghaidh de Valera sa chogadh seo.
 
Bhí gean ag [[Gael|Gaeil]] ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i [[Béal na mBláth|mBéal na mBláth]] in iarthar [[Contae Chorcaí|Chorcaí]]. Scríobh [[Tim Pat Coogan]] beathaisnéis faoi as Béarla, agus sa bhliain [[1985]], d'fhoilsigh [[Pádraig Ó Braoin]] beathaisnéis Gaeilge <ref>Ó BRAOIN, Pádraig: ''Mícheál Ó Coileain'', Éigse na Mainistreach, 1985</ref>.