An difríocht idir athruithe ar: "Camas"

Content deleted Content added
Anois (plé | dréachtaí)
litr
Meabhar (plé | dréachtaí)
beagáinín ''objectivity'' sa phara. deiridh, agus mionathraithe eile
Líne 11:
daonra_thuathúil = 388 (2002) |
}}
Baile in iarthar [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] is ea '''Camus''' a chiallaíonn "cam uisce" mar gheall ar chasadh an uisce sa gceantar. (''Camus'' as [[Béarla]]). I láthair na huaire níl aon siopa ceart ann, ach tá séipéal agus dhá bhunscoil ann, maraon le hionad pobail, ''Tearmann na Foirnéise''. Tá dhá phríomhroinn i gCamas, Camas Uachtair agus Camas Íochtair, agus tá fobhailte eile mar Leitir Mucú, Leitir Mór na Coille, Leac a' Dona, Scríb, Gleann Trasna, Muiceanach idir Dhá Sháile agus Cinn Mhara san áireamh freisin i ndúiche Chamais. Talamh sléibhe atá ann den chuid is mó, agus baintear móin agus feamainn ann. Sna caogaidí agus sna seascaidí shaothraigh muintir an cheantair roinnt mhaith airgid tré bheith ag baint mhóna agus í a dhíol leis an stáisiún Ginte Leictreachais i Scríb. Tá coiléar fós i mbun oibre ann. Más talamh bocht atá inti, bí cinnte go bhfuil muintir an cheantair lán le cultúr agus oidhreacht na tíre seo - saibhreas nach féidir a shárú!
 
I measc na ndaoine clúitiúla gurbh as Camus iad ó dhúchas, tá an t-úrscéalaí [[Colm Ó Ceallaigh]]. Táimid ag ceiliúradh 100 bliain ó rugadh Máirtín Ó Cadhain sa Spidéal i mbliana agus chaith [[Máirtín Ó Cadhain]] a chéad sé bliana múinteoireachta as deich mbliana múinteoireachta ag múineadh ann tráth. Tógadh scoil nua sa mbliain 1963 agus tá an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta anois lonnaithe sa seanscoil ina mbíodh Máirtín ag múineadh.
 
Tháinig Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) thríd Camus agus stop sí ann chun urlisí troda a dhéanamh. Bhíodh Foirnéis i gCamus - sin an chúis go maireann na logainmneacha - Bóthar na Foirnéise agus droichead na Foirnéise.
Bhíodh Bruce Ismay an fear cáilúil ar leis an Titanic ag fanacht sa teach mór i Scríb, agus bádh bean an tí céanna, Lady Dudley, sa gcladach i gCamus.
Freisin bhí Lady Dudley ag fanacht sa teach ceanna agus bádh í sa gcladach i gCamus.
 
Is áit álainn í Camus le radharcanna áille agus daoine cairdúila. Téigh ardhá súilóidcholáiste thart timpeall CamusGaeilge sa samhradh agus cloisfidh tú na scoláirí ó na Coláistí Gaeilge:gceantar, Spleodar agus [[Coláiste Chamuis]] ag screadaíl agus iad ar an mbealach chuig nó ón gColáiste. Bunaíodh Coláiste Chamais i gCamus i 1973 agus tá clú agus cáil ar an gColáiste ar fud na hÉireann ó thaobh na Gaeilge dide. Tá Gaeilge agus dúchas na hÉireann fáighte ag an-chuid d'aos óg na tíre tré freastal ar an gColáiste bliain i ndiaidh bliana.
 
[[Catagóir:Bailte i gContae na Gaillimhe|Camas]]