An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre (Éire)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Páirtí polaitiúil [[Éire]]annach ba ea '''Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre''' ([[Béarla]]: '' National Labour Party'' ). Bunaíodh an páirtí sa bhliain [[1944]] tar éis scoilte i b[[Páirtí an Lucht Oibre]]. Chuaigh seisear [[Teachta Dála|Teachtaí Dálaí]] ó Phairtí an Lucht Oibre isteach sa pháirtí nua. Dúirt siad go raibh [[Cumannachas|Cumannaigh]] ag insíothlú an pháirtí ach ba é an naimhdeas idir [[William X. O'Brien]] agus [[Séamas Ó Lorcáin|Séamas Ó Lorcáin (James Larkin)|Séamas Ó Lorcáin]], daoine mór le rá i ngluaiseacht an lucht oibre in Éirinn, cúis den scoilt. Ba é [[James Everett]] ceannaire an pháirtí.
 
Toghadh ceathrar Teachtaí Dálaí de chuid an pháirtí nua in olltoghchán na bliana 1944 agus cúigear sa chéad olltoghchán eile sa bhliain [[1948]]. Chuaigh an páirtí i g[[comhrialtas]] le ceithre páirtí eile (Páirtí an Lucht oibre ina measc) agus le roinnt teachtaí neamhspleácha tar éis olltoghcháin 1948. Ceapadh James Everett mar Aire Poist agus Teileagraif.