An difríocht idir athruithe ar: "Lá Fhéile Pádraig"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Chicago River dyed green, focus on river.jpg|thumb|280px|Lá fhéile Phádraig - Chicago - An abhainn ruaimnithe le dath glas]]
Déanann pobal na h[[Éire]]ann céiliúradh ar an [[17 Márta|17ú lá de Mhárta]] ar '''Lá Fhéile Pádraig''' ( nó ''Lá le Pádraig'' uaireanta ). Deirtear gur cailleadh [[Naomh Pádraig]], aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo. Déantar ceiliúradh ar chultúr, teanga, spórt, reilgiún aguse ceol na tíre. Tá an fhéile [[Seachtain na Gaeilge]] mar chuid den cheiliúradh.
 
Déantar céiliúradh ar Phádraig aon áit ar fud an domhain ina mbailíonn na hÉireannaigh le chéile. Ar na hocáidí is mó, áirítear an ceann i [[Nua Eabhrac (cathair)|Nua Eabhrac]], ina mbíonn paráid ollmhór chuile bhliain, ó Ardeaglais Naoimh Pádraig suas an 5ú Ascal (5th Avenue) agus ceann [[Bhaile Átha Cliath]]. Anois i mBaile Átha Cliath tá feachtas seachtaine ann chun an lá a cheiliúradh. Déantar ceiliúradh ar chultúr, teanga, spórt, reilgiún aguse ceol na tíre. Tá an fhéile [[Seachtain na Gaeilge]] mar chuid den cheiliúradh.
 
Is é Naomh Pádraig a thug an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] go hÉirinn. Nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa m[[an Bhreatain Bheag|Breatain Bheag]] agus tugadh anall go hÉirinn é, áit ar chaith sé blianta ag sclábhaíocht, agus é ag tabhairt aire do thréad caorach agus muc ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i g[[Contae Aontroma]]. Oíche amháin bhí bríonglóid aige faoi phobal na hÉireann agus gur cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh. Chuaigh Pádraic ar bhord loinge agus sheol sé ar ais abhaile. Nuair a bhí sé úrnaithe ina shagart, bhí brionglóid eile aige ina bhfaca sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air chun an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ann. Chaith Pádraic 40 lá agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar shliabh Mis i g[[Cathair na Mart]] i g[[Contae Mhaigh Eo]]. Téann na mílte chuig [[Cruach Phádraig]] ar thuras spioradálta.