An difríocht idir athruithe ar: "Mailí"

Content deleted Content added
bhi coup d'état ann
No edit summary
Líne 51:
Is í an [[Fraincis|Fhraincis]] teanga oifigiúil Mhailí, ach is léir go bhfuil a lán teangacha eile le cloisteáil timpeall na tíre. Is í an teanga Bambara an ceann is tábhachtaí de na teangacha dúchasacha, agus is féidir le ochtar as an deichniúr de mhuintir Mhailí an teanga seo a labhairt. Ceann de na teangacha ''Mande'' í, cosúil lena lán teangacha in Iarthar na hAfraice (ar nós na dteangacha Dioula agus Mandinka, cuir i gcás), agus í intuigthe go maith ag cainteoirí na dteangacha seo.
 
[[Ioslam|Muslamaigh]] iad 90 % de mhuintir Mhailí, ach is tír shaolta í Mailí, agus ní raibh iarrachtaí ann le dlí an Ioslaim a chur i bhfeidhm. [[Críostaíocht|Críostaithe]] iad 5 %, agus cloíonn an 5 % eile le reiligiúin thraidisiúnta na hAfraice.
 
[[Íomhá:Great Mosque of Djenné 3 (cropped).jpg|mion|225px|clé|Mosc i Djenné]]
 
Bhí Mailí riamh ar ceann de na lárionaid thábhachtacha chultúrtha san Afraic. Inniu, chuala an saol mór iomrá ar thraidisiún ceoltóireachta na tíre, agus chuaigh ainmneacha cosúil le Salif Keita ar fud an domhain. Thairis sin, tharraing a lán scríbhneoirí Mailíocha súil an tsaoil mhóir orthu féin. Tá a dtraidisiún litríochta féin ag na Mailígh, cé gur minic nach mbíonn ann ach béal-litríocht, agus í á hiompar ag na seanchaithe, nó na ''griots''.