An difríocht idir athruithe ar: "Scamall Mór Magellan"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
'''Scamall Mór Magellan''' (an seacht míle déag dhá chéad fiche tríú réad ar [[PGC|Phríomh-Chatalóg na Réaltraí]], mar atá, PGC17223): ceann de dhá réaltra bheaga ar déanamh neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu, agus é le feiceáil i réaltbhuíonta [[An Colgán (réaltbhuíon)|an Cholgáin]] agus [[An Tábla (réaltbhuíon)|an Tábla]]. [[Scamall Beag Magellan]] atá ar an gceann eile. Is réaltbhuíonta iad seo nach bhfeictear ach ar an leath theas den [[sféar neamhaí]], sách cóngarach don phol theas fiú, agus mar sin, ní raibh aithne ag muintir na hEorpa ar na scamaill seo roimh na [[Ré na Fionnachtana|turasanna móra farraige]] a nocht cosúlacht agus déanamh [[An Domhan|an Domhain]] féin dár sinsir. Ní díol iontais é ar aon nós gurb as [[Ferdinand Magellan|Fernao de Magalhaes]] (Magellan), an taistealaí farraige a thaispeáin gur sféar é an Domhan, a hainmníodh iad.
 
[[Íomhá:Large Magellanic Cloud.jpg|thumb|Scamall Mór Magellan]]