An difríocht idir athruithe ar: "John F. Kennedy"

no edit summary
 
 
Sheol sé go [[Londain]], [[Sasana]] ar an [[25 Meán Fómhair]] sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr [[Kathleen Cavendish|Kathleen]]. Chláraigh sé le LSE (Scoil na hEacnamaíochta Londain) chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh Harold Laski, ach cuireadh san ospidéal é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennndy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San fhómhar sa bhliain [[1935]], chláraigh sé le hOllscoil Princeton, ach d'éirigh sé tinn arís. [[Buíochán]] a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal ar [[Ollscoil Harvard]].
 
Thaistil sé chuig an [[An Eoraip]] faoi dhó i rith a thréimhse ag Ollscoil Harvard. Chuaigh sé go dtí Sasana arís, áit ina raibh a athair mar ambasadóir. Sa bhliain [[1937]], forordaíodh [[stéaróidigh]] do Kennedy, chun smacht a chur ar a chuid [[drólainníteas]], ach thosaigh a fhadhbanna ag méadú mar thoradh air sin. Sa deireadh, d'éirigh sé níos tinne le h[[oistéapóróis]] sa [[dromlach|dhromlach]]. Bhain Kennedy céim amach ó Ollscoil Harvard, agus ansin bhog sé go dtí an scoil ghnó ag Ollscoil Stanford. Tar éis dó Stanford a fhágáil, thaistil sé go dtí [[Meiriceá Theas]].
Úsáideoir gan ainm