An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: br:Kozaked
No edit summary
Líne 6:
Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - [[an Pholainn]], [[an Rúis]] agus [[Cánacht na Crimé]] - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na [[Impireacht na Rúise|hImpirí Rúiseacha]] in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.
 
Chuaigh na Cosacaigh i líonmhaireacht go déanach snasa MeánaoiseannaMheánaois, nuair a bhí na seirfigh Úcráineacha agus Rúiseacha ag teitheadh óna dtiarnaí talún le triail a bhaint as saol an Chosacaigh. Sa deireadh thiar thall, áfach, d'iompaigh na Cosacaigh ina saighdiúirí in arm Impireacht na Rúise, agus iad ag coimheád teorainneacha na hImpireachta. Is mar ghardaí teorann agus mar shearbhóntaí de chuid an Impire anlathaigh sin is mó a aithníonn muintir an Iarthair na Cosacaigh, agus is le tíorántacht na hImpireachta a shamhlaítear iad – íomhá atá bun os cionn ar fad le clú na gCosacach sa Rúis féin.
 
Ghreamaigh íomhá rómánsúil na saoirse agus na heachtránaíochta de na Cosacaigh go dtí an lá inniu, rud atá le haithint ar litríocht na Rúise agus na hÚcráine. Tá iarsmaí na gCosacach i Rúis an lae inniu eagraithe ina marcshluaite arís, agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe ag tacaíocht le páirtithe agus dreamanna náisiúnaíocha. Níl údaráis na Rúise sásta stádas an ghrúpa eitnigh a bhronnadh ar na Cosacaigh go hoifigiúil, áfach.
Líne 41:
Ba nós le Cosacaigh Zaporizhia an ríocht Otamánach - an Tuirc - agus na stáit soip a bhain léi a ionsaí go tráthrialta, ach ní hionann sin is a rá nach dtabharfaidís faoi thíortha eile ag déanamh foghla. Ba é ba toradh don nós seo ná go ndeachaigh na cúrsaí chun teannais ar theorainn theas Chomhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus fad is a mhair an Comhlathas níor stop an mhionchogaíocht ar fud na teorainne sin.
 
Sa bhliain 1539 d'iarr an Sabhdán Otamánach ar Vasiliy a Trí, Ard-Phrionsa Mhoscó, bac éigin a chur ar fhoghlacha na gCosacach, ach is é an freagra a fuair sí ná: "Ní mhóidíonn na Cosacaigh mionna dílseachta domsa: a rogha saol a bhíonn acu." Sa bhliain 1549, d'fhreagair Ivan Uafásach, Sár na Rúise, impí den chineál chéanna ón Sabhdán mar seo: "Ní géillsinigh de mo chuid féin iad na Cosacaigh chois Abhainn Don, agus is i nganfhios dom féin a imíonn siad chun cogaidh agus a mhaireann siad sa tsíocháin." Chloisfeá caint den chineál seo go minic idir an Rúis, Comhlathas na Polainne agus na Liotuáine, agus an Tuirc Otamánach, agus gach ríocht acu ag iarraidh a leas féin a bhaint as Cosacaigh Zaporizhia in aghaidh an dá stát eile. Sa 16ú haois, agus an Comhlathas ag cur a ceannasaíochta i bhfeidhm ar thailte móra theas, ghlactaí leis go bunúsach gur géillsinigh Pholannach-Liotuánacha a bhí sna Cosacaigh. Go dtí an bhliain 1699, ba chuid d'Arm an Chomhlathais iad na "Cosacaigh Chláraithe", mar a thugtar orthu.
 
Timpeall ar dheireadh na 16ú haoise, thosaigh caidreamh an Chomhlathais agus na Impireachta Otamánaí, nach raibh go rómhaith riamh, - thosaigh an caidreamh sin ag dul chun donais ar fad, agus na Cosacaigh ag ionsaí chríocha na nOtamánach. Ó lár na 16ú haoise ar aghaidh, bhí na Cosacaigh ag rith damhsa ar an taobh eile den teorainn, agus ní raibh an Comhlathas in ann iad a stopadh ón obair seo chomh neamhspleách is a bhí siad ina meon. Ós géillsinigh de chuid an Chomhlathais a bhí iontu, go prionsabálta ar a laghad, dhearc na hOtamánaigh ar an bhfoghlaíocht seo mar ionsaí ó thaobh an Chomhlathais. Mar chor in aghaidh an chaim thosaigh Tataraigh Otamánacha ag creachadh in oirdheisceart an Chomhlathais nach raibh mórán áitribh ann pé scéal é.
 
=== Cosacaigh in Arm na Polainne-Liotuáine (na Cosacaigh Chláraithe) ===