An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Wesele Kozackie.jpg|thumb|''Bainis Chosacach'' le Józef Brandt. Péintéir Polannach ab ea Jozef Brandt (1841-1915) a chuir suim i saol míleata na seachtú haoise déag agus i saol na scológ sa Pholainn.]]
Tugtar '''Cosacaigh''' ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san [[An Úcráin|Úcráin]]. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa [[An Rúis|Rúis]]. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach snasa meánaoiseannaMheánaois, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh [[14ú haois|an gceathrú haois déag]].
 
Tugtar marcshluanna ar na dreamanna éagsúla de Chosacaigh, ar nós Marcshlua Zaporizhia, Marcshlua Don, Marcshlua Terek agus Marcshlua na hÚraile. Chuala muintir Iarthar na hEorpa an chéad iomrá ar na Cosacaigh i lár na seachtú haois déag, nuair a d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia faoi cheannas Bogdan Chmielnicki amach in aghaidh chumhacht na Polainne agus na Liotuáine san Úcráin.