An difríocht idir athruithe ar: "Cánacht na Crimé"

Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Stát stairiúil ab ea í '''Cánacht na Crimé''' a bunaíodh ar Leathinis na [[An Chrimé|Crimé]] nuair a thit an tóin as stát an [[An Mathshlua Órga|Mhathshlua Órga]]. B'í an ceann ab fhadsaolaí de na cánachtaí a tháinig i gcomharbas ar impireacht an Mhathshlua Órga.
 
Cuireadh an chéad tús le Cánacht na Crimé nuair a chinn treibheacha áirithe fáin de chuid an Mhathshlua Órga éirí as saol na fánaíochta agus socrú síos sa Chrimé. Thug siad cuireadh do Hacı Giray, duine de shliocht sleachta [[Geingeas Cán|Gheingis Cháin]] a bhí díreach ag dréim le ríchathaoir an Mhathshlua Órga, dul i gceannas ar an gCrimé, agus bhí Giray sásta leis an smaoineamh seo. B'éigean dó an-chath a chur ar an Mathshlua Órga le saoirse a bhaint amach don chánachtChrimé, ach sa bhliain [[1441]], bhunaigh sé an Chánacht mar thír neamhspleách. San am sin, b'ionann an Chánacht agus an chuid ba mhó de Leathinis na Crimé, in éineacht le ''Deist-i-Ciptseac'', is é sin, machairí móra Dheisceart [[An Rúis|na Rúise]] is [[An Úcráin|na hÚcráine]].
 
Má bhí an Chrimé neamhspleách ar an Mathshlua Órga, b'éigean didon Chán géillsine a mhóidiú don [[Impireacht Otamánach]] go gairid ina dhiaidh sin. Nó nuair a fuair Hacı bás, d'éirigh ina chogadh cathartha idir a chuid mac faoin gcomharbas, agus b'ba í an Impireacht Otamánach a shocraigh an scéal trí thacaíocht a thabhairt do dhuine amháin de na mic, Meñli Giray. An bhaint a bhí ag an Sabhdán Otamánach agus ag Cán na Crimé le chéile, áfach, bhí sí ní ba chosúla le comhghuaillíocht chothrom ná le géillsine an vasáilligh dá thiarna. Is é is cúis leis seo, is féidir, go raibh urraim ag an Sabhdán d'fholaíocht Gheingis Cháin. Bhí an chomhghuaillíocht seo iontach fabhrach a fhad is a mhair an Impireacht Otamánach láidir, ach de réir mar a tháinig meath uirthi, thosaigh an t-ádh ag teip ar Chánacht na Crimé chomh maith.
 
Cibé scéal é, ón lá a rug Meñli Giray bua ar Chán deireanach an Mhathshlua Mhóir (arbh é a raibh fágtha den Mhathshlua Órga san am) sa bhliain [[1502]], thosaigh Cáin na Crimé ag maíomh go raibh siad i dteideal sheantailte ríocht Gheingis Cháin sa réigiún idir [[Abhainn Volga]] agus an [[Mhuir Chaisp]], is é sin, áit a raibh cánachtaí Kazan agus Astrakhan. San am céanna, bhí prionsaí Rúiseacha Mhoscó ag cur suime sna tailte seo, agus ba dual don dá ríocht cogaí a chur ar a chéile. Sa bhliain [[1571]], d'éirigh le Devlet Giray an cath a bhriseadh ar shluaite Mhoscó agus [[Moscó|cathair Mhoscó]] féin a dhó, éacht a thuill an leasainm "Taht-Algan" ("Sciobadóir na Ríchathaoireach"). An bhliain a bhí chugainn, áfach, chaill sé torthaí an bhua seo ar fad i gCath Molodi.
 
B'Ba í Salaçıq a bhí ar an chéad phríomhchathair ag Cánacht na Crimé. Sa bhliain [[1532]], d'aistrigh an Cán Sahib Giray an phríomhchathair go dtí [[Bağçasaray]].
 
B'Ba é rítheaghlach Giray a bhí ag rialú na Cánachta ó thús deiridh, nó ní fhéadfadh aon duine an Chrimé a rialú ach duine de shliocht Gheingis Cháin. Mar sin féin, ní deachtóir gan srian a bhí sa Chán - chaithfeadh sé aird a thabhairt ar bharúlacha agus ar shainleasanna na dteaghlach uasal. Bhí dlí na Cánachta bunaithe ar dhlíthe traidisiúnta na bpobal Tuirceach, ar dhlí canónta an [[Ioslam|Ioslaim]] (''sharia'') agus ar dhlí na hImpireachta Otamánaí araon. Thairis sin, bhí a ndlíthe féin ag na pobail [[Críostaíocht|Chríostaí]], ar nós na nGréagach is na nAirméanach, agus ag na pobail [[Giúdachas|Ghiúdacha]].
 
B'Ba í an Tatairis Chriméach caint na sráide, agus na mionlaigh in ann í a labhairt chomh maith le duine. An teanga oifigiúil liteartha a bhí á saothrú sa tír, áfach, b'ba í an teanga Chaghatay í, in éineacht leis an Tuircis Otamánach. Is é an cineál teanga a bhí i gceist leis an teanga Chaghatay ná comhtheanga na bpobal ar fad a bhí ag labhairt canúintí Tuircice sa Mheán-Áise. Bhí an teanga Chaghatay i muinín na haibítre Arabaí, nach dtaispeánann na gutaí ach ar éigean, agus mar sin, bhí cainteoirí na gcanúintí éagsúla ábalta a bhfuaimniú féin a bhaint as an teanga scríofa, ó choinnigh an córas scríbhneoireachta an chuid ba mhó de na difríochtaí canúna faoi cheilt.
 
Bhí tradáil na ndaor ar ceann de na slite beatha ba tábhachtaí ag an gCánacht. Ba nós leis na Cáin agus leis na fir uaisle sluaíochtaí a ghléasadh le daoine a cheapadh sna machairí móra agus a dhíol in aonach na ndaor. Uaireanta, chuaigh fir uaisle ag ceapadh daor beag beann ar thoil an Cháin, agus fiú i ndiúnas ar na conarthaí síochána a bhí i bhfeidhm faoi láthair. Creidtear gur fhuadaigh na Tataraigh Chriméacha trí mhilliún duine ar fad, Úcráinigh an chuid ba mhó acu, fad is a mhair an Chánacht. An t-eagar míleata a chuir na [[Cosacaigh]] orthu féin, freagra a bhí ann, go bunúsach, ar bhagairt na Cánachta.
 
San ochtú haois déag, bhí an Rúis - is é sin, Prionsacht Mhoscó - éirithe róláidir ag na Tataraigh Chriméacha, agus thosaigh an Chánacht ag titim as a chéile de dheasca na gcoimhlintí inmheánacha. Na cogaí a chuir an Rúis ar an Impireacht Otamánach, b'ba é ba toradh dóibh gur ghéill an Sabhdán Otamánach, i gconradh síochána Küçük Kaynarca sa bhliain [[1774]], an Chánacht ar fad don Rúis mar choimirceas. D'fhág an conradh seo an Cán deireanach de theaghlach Giray i gceann na Cánachta, ach níor mhair sé ansin i bhfad. Chuaigh coimhlintí inmheánacha polaitiúla na Cánachta i ngéire agus phléasc cogadh cathartha amach, agus sa bhliain [[1783]], chuir Caitríona Mhór, Banimpire na Rúise, ladar míleata sa chogadh seo. Chuir sí an Chánacht go léir de dhroim an tsaoil agus rinne sí cúige Rúiseach - ''Таврия/Tavriya'' - di, agus d'éalaigh an Cán, Şahin Giray, go dtí an Tuirc Otamánach.
 
[[Catagóir:Stair na Rúise]]