An difríocht idir athruithe ar: "Cánacht na Crimé"

Content deleted Content added
{{bosca sonraí}} ++
{{reflist}}
Líne 29:
Cibé scéal é, ón lá a rug Meñli Giray bua ar Chán deireanach an Mhathshlua Mhóir (arbh é a raibh fágtha den Mhathshlua Órga san am) sa bhliain [[1502]], thosaigh Cáin na Crimé ag maíomh go raibh siad i dteideal sheantailte ríocht Gheingis Cháin sa réigiún idir [[Abhainn Volga]] agus an [[Mhuir Chaisp]], is é sin, áit a raibh cánachtaí Kazan agus Astrakhan. San am céanna, bhí prionsaí Rúiseacha Mhoscó ag cur suime sna tailte seo, agus ba dual don dá ríocht cogaí a chur ar a chéile. Sa bhliain [[1571]], d'éirigh le Devlet Giray an cath a bhriseadh ar shluaite Mhoscó agus [[Moscó|cathair Mhoscó]] féin a dhó, éacht a thuill an leasainm "Taht-Algan" ("Sciobadóir na Ríchathaoireach") dó. An bhliain a bhí chugainn, áfach, chaill sé torthaí an bhua seo ar fad i gCath Molodi.
 
Ba í Salaçıq a bhí ar an chéad phríomhchathair ag Cánacht na Crimé. Sa bhliain [[1532]], d'aistrigh an Cán Sahib Giray an phríomhchathair go dtí [[Bağçasaray]].<ref>{{Lua idirlín |url=http://www.hansaray.org.ua/e_ist_misto.html |teideal= History of Bakhchisaray (Bağçasaray) |údar= |dátarochtana= |foilsitheoir= |dáta= }}{{en}}</ref>
 
Ba é rítheaghlach Giray a bhí ag rialú na Cánachta ó thús deiridh, nó ní fhéadfadh aon duine an Chrimé a rialú ach duine de shliocht Gheingis Cháin. Mar sin féin, ní deachtóir gan srian a bhí sa Chán - chaithfeadh sé aird a thabhairt ar bharúlacha agus ar shainleasanna na dteaghlach uasal. Bhí dlí na Cánachta bunaithe ar dhlíthe traidisiúnta na bpobal Tuirceach, ar dhlí canónta an [[Ioslam|Ioslaim]] (''sharia'') agus ar dhlí na hImpireachta Otamánaí araon. Thairis sin, bhí a ndlíthe féin ag na pobail [[Críostaíocht|Chríostaí]], ar nós na nGréagach is na nAirméanach, agus ag na pobail [[Giúdachas|Ghiúdacha]].
Líne 38:
Bhí tradáil na ndaor ar ceann de na slite beatha ba tábhachtaí ag an gCánacht. Ba nós leis na Cáin agus leis na fir uaisle sluaíochtaí a ghléasadh le daoine a cheapadh sna machairí móra agus a dhíol in aonach na ndaor. Uaireanta, chuaigh fir uaisle ag ceapadh daor beag beann ar thoil an Cháin, agus fiú i ndiúnas ar na conarthaí síochána a bhí i bhfeidhm faoi láthair. Creidtear gur fhuadaigh na Tataraigh Chriméacha trí mhilliún duine ar fad, Úcráinigh an chuid ba mhó acu, fad is a mhair an Chánacht. An t-eagar míleata a chuir na [[Cosacaigh]] orthu féin, freagra a bhí ann, go bunúsach, ar bhagairt na Cánachta.
 
San ochtú haois déag, bhí an Rúis - is é sin, Prionsacht Mhoscó - éirithe róláidir ag na Tataraigh Chriméacha, agus thosaigh an Chánacht ag titim as a chéile de dheasca na gcoimhlintí inmheánacha. Na cogaí a chuir an Rúis ar an Impireacht Otamánach, ba é ba toradh dóibh gur ghéill an Sabhdán Otamánach, i gconradh síochána Küçük Kaynarca sa bhliain [[1774]], an Chánacht ar fad don Rúis mar choimirceas. D'fhág an conradh seo an Cán deireanach de theaghlach Giray i gceann na Cánachta, ach níor mhair sé ansin i bhfad. Chuaigh coimhlintí inmheánacha polaitiúla na Cánachta i ngéire agus phléasc cogadh cathartha amach, agus sa bhliain [[1783]], chuir Caitríona Mhór, Banimpire na Rúise, ladar míleata sa chogadh seo.<ref>{{cite book| first=Alan W.| last=Fisher| title=The Russian Annexation of the Crimea 1772-1783| publisher=CUP Archive| year=2008| isbn=0521077605}}</ref> Chuir sí an Chánacht go léir de dhroim an tsaoil agus rinne sí cúige Rúiseach - ''Таврия/Tavriya'' - di, agus d'éalaigh an Cán, Şahin Giray, go dtí an Tuirc Otamánach.
 
{{commonscat|Crimean Khanate|Cánacht na Crimé}}
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Stair na Rúise]]