An difríocht idir athruithe ar: "Alúmanam"
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: chr:ᎦᏌᎧ ᏔᎷᎩᏍᎩ |
|||
Líne 21:
Tá dhá [[iseatóp]] nádúrtha ag an alúmanam, mar atá, alúmanam a 27 agus alúmanam a 26. Iseatóp cobhsaí é alúmanam a 27, ach is féidir iarsmaí beaga den iseatóp eile a aimsiú sa dúlra. Iseatóp radaighníomhach é, agus leathré réasúnta fada aige, mar atá, timpeall ar 717 000 bliain. Thairis sin, is féidir iseatóip radaighníomhacha eile a tháirgeadh i [[Luasaire cáithníní|luasairí cáithníní]].
==An tAlúmanam agus an
Cé go bhfuil an dúlra ar maos le comhdhúile alúmanaim, dealraíonn sé nach gcuireann na comhdhúile alúmanaim isteach ná amach ar na horgánaigh bheo, go bunúsach. Is féidir dó carnadh i gcnámha agus i néarchóras an duine ag othair nach bhfuil a nduáin ag obair mar ba chóir, ach le géarnimhiú alúmanaim a tharraingt air féin caithfidh an duine folláin smután infheicthe de shalann alúmanaim de chineál éigin a ithe. Maidir leis an tionchar fadtéarmach a bhíonn ag an alúmanam ar shláinte na ndaoine agus iad á thógáil óna thimpeallacht go leanúnach (daoine a bhfuil a gcuid bia truaillithe le comhdhúile alúmanaim, cuir i gcás), is ceist chonspóideach é i gcónaí. Glactar leis nach ndéanann alúmanam an chomhshaoil nádúrtha dochar ar bith don duine fholláin, ach san am chéanna is cúis buartha dá lán go mbitear faoi lé an alúmanaim i bhfad níos mó inniu ná mar a bhítí fadó, chomh fairsing is a úsáidtear sa tionsclaíocht é, agus nach fios do na heolaithe go fóill cad is toradh don tsíornochtadh seo.
|