An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Conaill"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: ru:О’Коннелл, Дэниел
No edit summary
Líne 17:
|céile =
|}}
Polaiteoir [[Éire]]annach as [[Ciarraí]] ab ea '''Dónall Ó Conaill''' ([[6 Lúnasa]], [[1775]] – [[15 Bealtaine]], [[1847]]). Bhí sé i gcoinne [[Acht an Aontais 1800|Acht an Aontais]], agus d’oibrigh sé go dian chun saoirse na g[[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhaint amach, iarracht ar a dtugtar [[Fuascailt na gCaitliceach]]. Toghadh é go Westminster sa bhliain [[1828]]. Tugadh saoirse iomlán do na Caitlicigh sa bhliain [[1829]](????). Cailleadh an Conallach sa bhliain 1847, agus cáil air ar fud na hEorpa faoin am sin.
 
== Breith agus oideachas ==
Líne 51:
[[Íomhá:Daniel O'Connell, the great Irish liberator.jpg|deas|200px|thumb|Pictiúr de "Daniel O'Connell, the Great Irish Liberator".]]
 
Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh iomlán a chur leis [[na Péindlíthe]]. Bhunaigh sé [[CompántasCumann na gCaitliceach]] sa bhliain 1823 chun an cuspóir seo a bhaint amach. D'eagraigh sé cruinnithe ollmhóra oscailte ar fud na hÉireann. Bhíodh na mílte duine i láthair le cluais éisteachta a thabhairt dó.
 
Is léir go ndeachaigh na sluachruinnithe seo go mór mór i gcion ar mhuintir na hÉireann chomh maith le hilmheáin (nuachtáin) na linne, ach lenár linn féin, is minic a fuair lucht athbheochana na Gaeilge locht ar an gConallach, ó nach labhraíodh sé ach Béarla le lucht a éisteachta, fiú in Iarthar na hÉireann, áit nach raibh "léann ná Béarla" ag an gcuid ba mhó den chosmhuintir [tagairt?]. Is é an míniú is minicí a thugtar ar an mBéarlóireacht seo ná go raibh sé ag díriú ar na nuachtáin[tagairt?]. Is é sin, ní raibh gá leis an nGaeilge, ó bhí na Gaeilgeoirí bochta ag tacú leis cheana féin, ach san am céanna, bhí gá leis an mBéarla, ó chaithfeadh sé lucht léite na nuachtán a chur ar athrú comhairle faoi chúis na gCaitliceach. B'Ba é oighear an scéil, áfach, ná gur thosaigh cainteoirí dúchasacha na Gaeilge ag ceapadh gurbh é an Béarla teanga na polaitíochta, ó nach raibh ach Béarla á labhairt ag fear a n-ionadaíochta féin.
 
Bhailigh sé pingin amháin in aghaidh na míosa ó gach ball den ChompántasChumann. (Iarradh ar gach duine sa tír pingin in aghaidh na seachtaine a íoc leis an gCumann, ach é sin a bheith ar a n-acmhainn acu.) Tugadh "an Cíos Caitliceach" ar an airgead seo toisc gur ghnách é a bhailiú Dé Domhnaigh ag doras an tséipéil.
 
Sheas an Conallach sna toghcháin i g[[Contae an Chláir]] sa bhliain 1828. Bhuaigh sé an toghchán, ach ní raibh cead ag Caitliceach ar bith bheith ina bhall den Pharlaimint Ghallda ag an am sin. Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas Gallda go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn dá ndiúltófaí ionadaí na hÉireann faoina cheart. Bhí a aidhm bainte amach ag an gConallach ansin. (Tagairtí don pharagraf seo?)
 
== Aisghairm Acht an Aontais ==
Líne 69:
 
== Bás agus Oidhreacht ==
Fuair Ó Conaill bás i Genoa agus é ar oilithreachta bhealach go dtí [[an Róimh]] sa bhliain 1847. Bhí sé 71 bliain d'aois. Cuireadh a chorp san uaigh i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.
 
Ó chaith an Conallach dúthracht a shaoil ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach do na Caitlicigh, tugtar an ''Liberator'' air as Béarla. Is é an gnáth-théarma Gaeilge a úsáidtear inniu leis an ''Liberator'' a aistriú ná an '''Fuascailteoir''', ach deir Ríonach Uí Ógáin ina leabhar faoin gConallach i mbéaloideas na hÉireann, ''Immortal Dan'', gurbh é an '''Saoirseoir''' an leagan is minicí a bhíonn sa bhéaloideas, mura mbaintear úsáid as an bhfocal Béarla scun scan. Tugtar an 'Great Agitator' freisin air, a bhféadfaí an Gríosóir Mór a thabhairt i nGaeilge air.
 
Spreag tuairimí agus éachtaí Uí Chonaill daoine ar fud na cruinne, ina measc [[Mahatma Gandhi]] (1869–1948) agus [[Martin Luther King]] (1929–1968). Dúirt [[William Makepeace Thackeray]] (1811–1863) leis: “you have done more for your nation than any man since Washington ever did.” Dar le William [[William Ewart Gladstone|Gladstone]] (1809–1898), ba é an Conallach “the greatest popular leader the world has ever seen.” I litir chuig [[Comtesse Hanska|Madame Hanska]] scríobh [[Honoré de Balzac]] (1799–1850) “Quatre hommes auront eu une vie immense : Napoléon, Cuvier, O’Connell et je veux être le quatrième. Le premier a vécu la vie de l’Europe; il s’est inoculé des armées! Le deuxième a épousé le globe! Le troisième s’est incarné un peuple!”<ref>Lettre à Madame Hanska du 6 février 1844, Correspondance intégrale réunie et annotée par [[Roger Pierrot]], [[Garnier]], Paris, [[1960]]-[[1969]], 5 vol. t.IV (1840-avril 1845), p.205.</ref> “ Dar le [[D’Aubigne|Jean-Henri Merle D’Aubigne]] (1794–1872), ba é Dónall Ó Conaill an t-aon fhear amháin a raibh cumhacht mar chumhacht [[Martin Luther]] aige. Scríobh [[William Grenville]] (1759–1834) “history will speak of him as one of the most remarkable men that ever lived.”