An difríocht idir athruithe ar: "Éire"

22 bytes removed ,  8 mbliana ó shin
m
m (r2.7.1) (róbat ag suimiú: nds-nl:Ierlaand (eilaand))
Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh. Is iad [[iomáint]], [[peil Ghaelach]], [[Camógaíocht|camógaí]] agus [[liathróid láimhe]] na [[cluichí Gaelacha]]. Is é [[Cumann Lúthchleas Gael]] an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo. Tá suim ag go leor daoine sa [[sacar]] freisin, agus faigheann [[foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann]] a lán tacaíochta inniu. Chomh maith leis sin, tá [[galf]], [[snúcar]] agus [[rugbaí]] coitianta freisin. Imríonn [[foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann]] (agus an [[Cumann Rugbaí na hÉireann]]) ar son an oiléain ar fad.
 
== Na Meáinmeáin Chumarsáidechumarsáide ==
{{Príomhalt|Meáin chumarsáide na hÉireann}}
Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an [[Irish Times]], an [[Irish Independent]], agus le cupla bliain anuas an [[Irish Examiner]]. Bhí an [[Cork Examiner]] ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an [[Belfast Telegraph]], agus an [[Irish News]] agus an [[Daily Ireland]] as [[Béal Feirste]], ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an [[Irish Press]], [[Sunday Press]] agus [[Evening Herald]] an-tábhachtach go dtí na [[1970í]], agus iad á riaradh ag muintir [[Éamon de Valera]]. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an [[Sunday Independent]] ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an [[Sunday World]]. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: [[Lá Nua|Lá]] (atá laethúil, as Béal Feirste) agus [[Foinse]] (atá seachtainiúil, as [[An Cheathrú Rua]]).
 
Is é [[Radio Telefís Éireann]] an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: [[RTÉ a hAon]], [[RTÉ a Dó]] agus [[TG4]]. Tá [[TV3 (Éire)|TV3]] agus [[Channel 6]] neamhspleách ón stát. Tá an [[BBC]] ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le h[[UTV]] atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.
366

edits