An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Iris]] mhíosúil [[Gaeilge|Ghaeilge]] í '''''Comhar''''' a bpléitear [[litríocht]] agus cúrsaí reatha inti.
 
== Stair agus ábhar ==
Bhunaigh ''An Comhchaidreamh'', dream idir-ollscoile, ''Comhar'' sa bhliain 1942.<ref>The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)</ref> Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.<ref>http://comhar.blogspot.com/</ref> Fáiltionn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe i gconai ar léitheoirí oilte. Ba é [[Breandán Ó hEithir]] t-eagarthoir is mó iomrá, agus i measc na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil a shaothar le fail inti tá [[Seán Ó Ríordáin]], [[Máirtín Ó Direáin]], [[Máirtín Ó Cadhain]], [[Alan Titley]] agus [[Seán Mac Mathúna]]. Foilsíonn ''Comhar'' roinnt leabhar freisin.
 
I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí ''Comhar'' a thuilleadh ó tharla go raibh [[Foras na Gaeilge]] chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.<ref>[http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3517&viewby=date The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh']</ref>
 
Ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarthóir nua ar an iris i samhradh na bliana 2008 ach d'éirigh sé as i Mí na Samhna 2008 mar gur theastaigh, dar leis, ó Bhord Chomhar a ladar a chur i gcúrsaí eagarthóireachta. Lean [[Pól Ó Muirí]] é ina eagarthóir sealadach ó Nollaig 2008, agus Ian Ó Caoimh ina dhiaidh go dti Márta 2012. Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir na hirise faoi láthair, agus is é Seán Tadhg Ó Gairbhí an t-eagarthóir cúnta.