An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

2,588 bytes added ,  7 mbliana ó shin
 
B'éigean do na hOllannaigh glanadh amach leo sa bhliain 1662, nuair a d'fhorghabh an t-aimiréal Síneach Koxinga é. San am seo, bhí na [[An Mhanchúir|Manchúraigh]] díreach ag cur deiridh le rítheaghlach Ming sa tSín, agus theastaigh ó Koxinga bunáit a chur ar bun sa Téaváin do lucht leanúna Ming. D'éirigh leis na Manchúraigh, áfach, oidhre deireanach an rítheaghlaigh a mharú. Mar sin, níor fhéad Koxinga ach stát neamhspleách a dhéanamh den Téaváin - Ríocht Tungning, mar a thugtaí air. Fuair Koxinga bás go gairid tar éis dó an stát a bhunú, ach mhair an ríocht go dtí an bhliain 1683, nuair a tháinig an tAimiréal Shi Lang ó Dheisceart Fujian le cabhlach mór cogaidh chun an t-oileán a ghabháil don tSín, a bhí á rialú ag rítheaghlach Manchúrach Qing anois. Ina dhiaidh sin féin, mhair na húdaráis Shíneacha go ceann i bhfad ag iarraidh na bundúchasaigh agus na foghlaithe mara san oileán a chloí, agus na Sínigh ón mórthír ag tonnadh isteach le cur fúthu sa Téaváin. Cosúil leis na hIndiaigh san [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fiáin]] bhí na bundúchasaigh ag cur ar a son in aghaidh na muintire isteach, agus bhí cathanna móra ann.
 
Sna blianta 1894-5 bhí cogadh á chur idir an Fhrainc agus an tSín, agus cathanna á gcur in Oileáin Penghu agus i dtuaisceart na Téaváine. D'fhorghabh na Francaigh Keelung, baile cuain Taipei, ar an 1 Meán Fómhair 1894, ach cúpla lá ina dhiaidh sin briseadh cath mór orthu in Tamsui. Bhí na Francaigh in ann roinnt cathanna a bhuachan fós, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach ní raibh rath i ndán dá bhfeachtas timpeall Keelung, agus sa deireadh b'éigean dóibh glanadh leo as Keelung agus Oileáin Penghu.
 
Sa bhliain 1885 rinneadh cúige inti féin den Téaváin - roimhe sin, ní raibh inti ach cuid de chúige Fujian. Sna sálaí ag an athrú stádais seo tháinig oibreacha móra forbartha, agus cuma nua-aimseartha á cur ar an Téaváin. Cuireadh seirbhísí poist ar bun san oileán, agus gearradh an chéad iarnród chomh maith.
 
Sna blianta 1894-5, áfach, chuir an tSín agus an tSeapáin cogadh ar a chéile, agus ba é toradh an chogaidh go ndeachaigh an Téaváin agus oileáin Penghu ó lámh na Síne go lámh na Seapáine. Iad siúd sa Téaváin ar rogha leo fanacht ina ngéillsinigh Shíneacha fágadh spás dhá bhliain acu lena gcuid maoine saolta san oileáin a dhíol agus cur fúthu ar an mórthír. Ní mó ná sásta a bhí na Téavánaigh leis an gconradh síochána seo - [[Conradh Shimonoseki]] - agus ar an 25 Bealtaine 1895, d'fhógair dornán statseirbhíseach ardchéimíochta Síneacha poblacht den Téaváin le muintir an oileáin a spreagadh chun frithbheartaíochta in aghaidh na Seapánach. Chuir na Seapánaigh ceannairc na "bpoblachtánach" faoi chois le lámh láidir, agus níor mhair an phoblacht oiread is leathbhliain, nó tháinig deireadh léi i Mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna. Ní raibh poblacht cheart ann ach an oiread: na státseirbhísigh a bhunaigh í, bhí siad ag iarraidh cumhacht Impire na Síne a athbhunú san oileán seachas neamhspleáchas a bhaint amach don Téaváin.
 
Bhí na Seapánaigh ag caitheamh go garbh gairgeach le muintir na Téaváin idir Shínigh agus bhundúchasaigh, ach ón taobh eile de ní féidir a rá gur tíorántacht gan mhaith a bhí idir lámhaibh acu. A mhalairt ar fad rinne siad a lán leis an oileán a thabhairt chun nua-aimsearthachta. Ghearr siad tuilleadh iarnród agus bóithre, agus d'fhorbair siad an córas scolaíochta. Chuir na Seapánaigh deireadh le sealgaireacht na gceann san oileán freisin. Bhí tionscal na ríse agus an tsiúcra ag dul i méadaíocht, agus sa bhliain 1939 bhí an Téaváin ar an seachtú táirgeoir siúcra ba mhó ar an domhan.
 
[[Catagóir:Oileáin]]