An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

Content deleted Content added
Líne 41:
 
Bhí na Seapánaigh ag caitheamh go garbh gairgeach le muintir na Téaváin idir Shínigh agus bhundúchasaigh, ach ón taobh eile de ní féidir a rá gur tíorántacht gan mhaith a bhí idir lámhaibh acu. A mhalairt ar fad rinne siad a lán leis an oileán a thabhairt chun nua-aimsearthachta. Ghearr siad tuilleadh iarnród agus bóithre, agus d'fhorbair siad an córas scolaíochta. Chuir na Seapánaigh deireadh le sealgaireacht na gceann san oileán freisin. Bhí tionscal na ríse agus an tsiúcra ag dul i méadaíocht, agus sa bhliain 1939 bhí an Téaváin ar an seachtú táirgeoir siúcra ba mhó ar an domhan.
 
San am chéanna bhí na Seapánaigh ag cogaíocht go brúidiúil le frithbheartaíocht mhuintir an oileáin a chloí. Ar dtús ba iad na treallchogaithe Síneacha a bhí á dtroid acu, agus ina dhiaidh sin, chrom siad ar na bundúchasaigh sna sléibhte a thabhairt chun síochána. Ba é ceannairc na treibhe úd ''Seediq'' i Wushe an teagmháil ab fhuiltí idir na Seapánaigh agus na Téavánaigh dhúchasacha. Mharaigh na ''Seediq'' 130 Seapánach i sráidbhaile Wushe ar an 27 Deireadh Fómhair 1930, agus maraíodh breis is míle ''Seediq'' nuair a tháinig na saighdiúirí Seapánacha ag imirt díoltais ar an treibh.
 
[[Catagóir:Oileáin]]