An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Líne 126:
I dtús na Chéad Aoise, dhúisigh na hEilbh in Oirthear an Mheán-domhain in aice le Loch Cuiviénen. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na ''Valar'' i dteagmháil leo, agus iad ag áitiú ar na hEilbh an oilithreacht a dhéanamh anoir go Valinor. Cuid de na hEilbh, níor thug siad aird air seo, agus scar siad leis an gcuid eile. San am seo, d'éirigh le Melkor na ''Valar'' eile a bhréagadh chun é a scaoileadh saor, agus nuair a d'éirigh, chuaigh sé go dtí an Meán-domhan le heasaontas a chothú i measc na nEalbh. D'éirigh leis beirt phrionsaí Sí, Fëanor agus Fingolfin, a chur in adharca a chéile, agus mharaigh sé athair na beirte acu, Finwë. Ghoid sé na ''Silmaril''í, trí sheoid a raibh solas an dá Chrann iontu, agus scrios sé na crainn féin.
 
Chuir Fëanor gairm chruinnithe ar an treibh sí a raibh baint aige féin léi, na ''Noldor'', agus chuaigh siad ar lorg Melkor go Beleriand. B'é Fëanor a thug an leasainm úd ''MorgothMorgotħ'' - Namhaid Dubh an Domhain - ar Melkor. Thug seisean agus a chlann mhac na mionna go bhfaighfidís athsheilbh ar na ''Silmaril''í nó go bhfaighfidís bás san iarracht. B'é Fëanor féin a bhí i gceannas ar an gcéad dream de na ''Noldor'', agus Fingolfin ar an dream ba mhó a bhí ag teacht ina ndiaidh. Rinne na ''Noldor'' stad in Alqualondë, áit a raibh cónaí ar na ''Teleri'', treibh eile de shíoga. Cuanchathair a bhí ann, ach ní raibh na ''Teleri'' sásta áis a gcuid long a thabhairt do na ''Noldor''. Ansin, d'ionsaigh Fëanor agus lucht a leanúna na ''Teleri'', mharaigh siad cuid mhaith acu, agus ghoid siad a gcuid long. Tugadh an Chéad Fhionaíl (Béarla: ''The First Kinslaying'') ar na himeachtaí seo. Sheol lucht leanúna Fëanor leo ar na longa goidte, agus fágadh lucht leanúna Fingolfin ar an mblár fholamh. Ní raibh de rogha acu ach an fharraige a thrasnú ag Helcaraxë, áit a raibh an t-oighear chomh pacáilte is go bhféadfá é a shiúl go dtí an Meán-domhan.
 
Sna himeachtaí a lean, maraíodh Fëanor. Tháinig Fingolfin agus an chuid ba mhó de chlann mhac Fëanor slán, áfach, agus bhunaigh siad ríochtaí cumhachtacha ina dhiadh sin. Idir an dá linn, thóg na ''Valar'' an dá thoradh deireanacha a bhí fágtha den dá chrann agus rinne siad an Ghrian agus an Ghealach díobh. Mar sin, thosaigh Blianta na Gréine, agus is gnách glacadh leis gurb é Chéad Éirí na Gréine fíorthús na Chéad Aoise freisin.