An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Líne 112:
=== ''Ainulindalë'' ===
 
I dtús báire, bhí Eru Ilúvatar ann, is é sin, Dia, agus chruthaigh Sé spioraid mhóra, na h''Ainur''. Mhúin Sé do na h''Ainur'' ceol a dhéanamh, agus thosaigh siad ag seinm leo, de réir an téama a thug Ilúvatar dóibh. An t''Ainu'' ba láidre acu ar fad, Melkor, ar ar tugadh MorgothMorgotħ ní ba deireanaí, chuir sé an téama as a riocht, agus ansin, thug Ilúvatar téamaí nua, ionas gur éirigh an ceol róchasta le bheith intuigthe ag na h''Ainur'' féin. Sa deireadh, ghair Ilúvatar an ceol chun saoil: ''Eä!'' - "bíodh sé ann!" - agus ansin, d'iompaigh ceol na n''Ainur'' - an truailliú a mheasc Melkor tríd san áireamh - ina ollchruinne, nó ''Eä''. Cuid de na h''Ainur'', thuirling siad ansin ar ''Eä'' le snas a chur ar a raibh cruthaithe ag Ilúvatar.
 
=== Tús na Laethanta ===