An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Líne 132:
Rinne na ''Noldor'' léigear ar Angband, daingean Melkor, agus iad ag coinneáil diansúil ar an áit le nach seangódh an Namhaid as an áit. Mar sin féin, bhí sé ábalta fórsaí a chur amach trí bhealaí rúnda ó am go ham, agus na ''Noldor'' ag cur troda ar na fórsaí seo. A fhad is a mhair an t-imshuí seo, áfach, bhí síocháin i réim sa chuid is mó den Mheán-domhan - An tSíocháin Fhada.
 
I rith na Síochána Fada, dhúisigh na Daoine, agus rinne siad a mbealach thar na Sléibhte Gorma go Beleriand. Sa deireadh, áfach, d'éirigh le MorgothMorgotħ an léigear a bhriseadh, agus ansin, d'ionsaigh sé ríochtaí na nEalbh sa Mheán-domhan. Chloígh sé gach ceann acu, fiú Gondolin, an chathair cheilte. B'é an t-aon rath amháin a bhí ar na Daoine agus na hEilbh araon gur éirigh le Beren, fear daonna, agus Lúthien, cailín de phór na nEalbh is na ''Maiar'', an ''Silmaril'' a bhaint de choróin MorgothMorgotħ. Fuair Beren agus Lúthien bás go gairid ina dhiaidh sin, ach bhí Mandos, an ''Vala'' a thugann aire d'anamacha na marbh, - bhí sé sásta iad a ghairm chun beatha arís, ar acht is nach bheicfeadh aon Duine Beren ina bheo arís, agus go mbeadh Lúthien sásta bás an duine dhaonna a fháil. Cuid an-tábhachtach de mhiotaseolaíocht phríobháideach Tolkien écéal grá Beren agus Lúthien. Is iad na hainmneacha seo atá le léamh ar thuama Tolkien agus a mhná céile, fiú.
 
Mharaigh na hAbhaic Thingol, athair Lúthien, agus ghoid siad an ''Silmaril'' uaidh. Le cuidiú na nEinteach, rinne Beren luíochán roimh na hAbhaic agus sciob sé an ''Silmaril'' uathu. Thug sé an ''Silmaril'' do Lúthien, ach fuair an bheirt acu bás - agus b'é an fíorbhás é an iarracht seo - go gairid ina dhiaidh sin. D'fhág siad an ''Silmaril'' ag a mac Dior. B'é Dior a bhunaigh an ríocht úd Doriath in athuair. Nuair a fuair clann mhac Fëanor amach go raibh ceann de na ''Silmaril''í ag Dior, tháinig siad á éileamh air, agus nuair a dhiúltaigh sé an tseoid a thabhairt dóibh, mharaigh siad é. Scrios siad Doriath freisin - b'é seo an Dara Fionaíl (''the Second Kinslaying''). Ní bhfuair siad an ''Silmaril'', áfach, nó d'éalaigh iníon Dior, Elwing, uathu, agus an tseoid aici. Fuair triúr mac de chuid Fëanor - Celegorm, Curufin, agus Caranthir - bás, agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar an ''Silmaril''.
 
I ndeireadh na Chéad Aoise, ní raibh saoirse ag na hEilbh ná ag na Daoine ach amháin in inbhear na habhann úd Sirion, ina measc siúd Eärendil a phós Elwing. Tharraing clann Fëanor trioblóid arís, áfach, agus iad ag éileamh an ''Silmaril'' dóibh féin. D'éirigh ina chogadh idir iad agus lucht leanúna Eärendil, - b'é sin an Tríú Fionaíl (''The Third Kinslaying'' as Béarla). Ansin, thug Eärendil agus Elwing an ''Silmaril'' leo trasna na farraige go dtí Valinor le cabhair na ''Valar'' a iarraidh. Bhí na ''Valar'' sásta cuidiú leo, agus tháinig siad go dtí an Meán-domhan le MorgothMorgotħ a phríosúnú.
 
=== Na hImeachtaí sa Dara hAois ===