An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Líne 253:
=== Na hOirc ===
 
Cineál arrachtaigh ab ea na hOirc, agus iad i seirbhís Sauron (d'éirigh le Saruman, áfach, arm Orc dá chuid féin a ghoradh is a chothú). Níl sé soiléir cérbh as dóibh ó thús, ach dealraíonn sé gur cine a bhí iontu a chruthaigh MorgothMorgotħ trí dhaoine agus eilbh a thruailliú lena olcas. Cibé scéal é, ní raibh grá ag na hOirc d'aon rud: bhídís riamh ag troid le chéile, agus ní thabharfaidís urraim ar bith do Sauron féin ach go bé go raibh an bás ag bagairt ar chách a rachadh chun diúnais ar an Tiarna Dubh.
 
Cheap Sauron teanga rúnda dá chuid searbhóntaí, an Teanga Dhubh, ach ní raibh grá ag na hOirc don teanga féin, agus níor bhac siad le caighdeán Sauron a thabhairt leo. Mar sin, thit an teanga as a chéile ina canúintí scaipthe, agus mar sin, b'éigean do na hOirc an Chomhchaint - an ''Westron'' - a úsáid le haghaidh cumarsáide eatarthu féin go minic, ó nach dtabharfaidís canúintí coimhthíocha a dteanga féin.