An difríocht idir athruithe ar: "Númenor"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Oileán]] samhailteach sa [[An Meán-Domhan (Tolkien)|Mheán-Domhan]] is ea '''Númenor'''. Bhí an t-oileán úd ''Númenór'' suite san Fharraige Mhór - nó sna Farraigí Dealaitheacha, ''The Sundering Seas'' - idir Aman agus an Meán-Domhan. Bhronn na ''Valar'' ar na Daoine é, ó tháinig na Daoine chun fortachta do na hEilbh le linn Chogadh na Seod, cogadh a chuir na hEilbh ar Morgotħ, an ''Vala'' a d'iompaigh ina "dhiabhal". Mar sin, thug muintir Númenór ''Yôzâyan'', nó Tír an Bhronntanais, ar Númenór ina dteanga féin, an teanga ''Adûnaic''. Bhí teangacha na nEalbh, an teanga ''Sindarin'' agus an teanga ''Quenya'', á labhairt is á staidéar go forleathan i Númenór.
 
Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leathinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an [[sliabh|tsléibhe]], thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le h''Erukyermë'' (teacht an Earraigh), ''Erulaitalë'' (lár an tsamhraidh) agus ''Eruhantalë'' (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar. B'é Armenelos príomhchathair Númenór, agus bhí an cuan úd Rómenna in oirthear an oileáin suite taobh istigh de chríocha Mittalmar, idir an dá leathinis úd Orrostar agus Hyarrostar.