An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
I ndiaidh tionónta eile fós a mharú, chuaigh Margaret Hare, bean Liam Uí Eadhra, ag ól leis an chéad íobartach eile i dteach tábhairne. Nuair a bhí an bhean seo ar na stárthaí le meisce, chuir Margaret fios ar a fear céile. Ina dhiaidh sin, thug an Búrcach leis beirt striapach abhaile, ach tháinig bean acu slán, ó d'imigh sí nuair a thosaigh Eibhlín ag sciolladóireacht. Díoladh an bhean eile leis na dochtúirí. D'aithin cuid de na hábhair dhochtúirí í, ó bhí siad i ndiaidh an chorroíche a chaitheamh léi.
 
Bean déirce darbh ainm EffiEffie, agus aithne ag an mBúrcach uirthi, ba túisce a maraíodh ina dhiaidh sin. Fuair na murdaróirí deich bpunt ar a corp. Ansin, chonaic an Búrcach bean a raibh na póilíní díreach ag breith uirthi, agus dúirt sé leo go raibh aithne aige uirthi. D'imigh na póilíní ansin, agus fágadh an bhean ag an mBúrcach le haghaidh marú. Mharaigh sé í agus dhíol sé leis na dochtúirí í cupla uair an chloig ina dhiaidh sin.
 
Seanbhean agus buachaill bodhar ab ea iad an chéad bheirt eile a mharaigh siad. Bhí an Búrcach agus Mac Uí Eadhra ag easaontú faoin mbuachaill, ach sa deireadh thiar mharaigh an Búrcach é agus dhíol sé an bheirt ar ocht bpunt an corp. Ina dhiaidh sin, maraíodh bean de lucht aitheantais an Bhúrcaigh, Mrs Ostler, chomh maith le hÁine Nic Dhubhghaill (Ann MacDougal), a raibh gaol ag leannán an Bhúrcaigh léi.