An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: zh-yue:煙草
Líne 17:
''Tobac'' an leagan caighdeánach d'ainm an phlanda agus an táirge i n[[Gaeilge]] an lae inniu. Focal firinscneach é, agus an bhéim ar an dara siolla. Feictear an leagan ''tobaca'' i scríbhneoireacht Chúige [[Uladh]] fosta, agus is é an leagan a bhí ag filí Oirthear Uladh ná ''tambac''. Tháinig an focal tríd an m[[Béarla]] ón [[Spáinnis]], ach is deacair a rá, cá bhfuair an Spáinnis féin é. Glactar leis gurb as ceann de na teangacha ''Arawak'' a tháinig sé - teangacha a labhraítear, nó a labhraítí, timpeall na [[Muir Chairib|Cairibe]]. Ón taobh eile de, áfach, bhí focal cosúil á úsáid sa tsean-Spáinnis agus sa tsean-Iodáilis le tagairt do lusanna éagsúla leighis, focal a tháinig ón [[Araibis]]. Scéal eile fós gurb é ''túpac'' an focal Ceatsuaise ar "ríoga", agus ba phribhléid ríoga é an tobac (''sayri'' an focal Ceatsuaise) ag na hIncigh. Síltear freisin go bhfuil gaol ag an bhfocal le hainm Thobágo (i [[Oileán na Tríonóide agus Tobága|bPoblacht Oileán na Tríonóide is Thobágo]]).
 
== Stair Úsáideúsáide an Tobactobac ==
 
Bhí an tobac á úsáid san Oileán Úr i bhfad roimh theacht na nEorpach, ach ba nós do na bundúchasaigh Mheiriceánacha srianta éigin a chur leis an úsáid. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-asarlaí nó an seaman siabhráin agus mearuithe súl a tharraingt air féin trína lán tobac a úsáid, agus é in ann na siabhráin a chiallú de réir a thuisceana reiligiúnaí féin, ach ní bhlaisfeadh na daoine eile den tobac, ó shílfidís go raibh draíocht ann. Agus ar ndóigh, ba nós le treibheacha áirithe píopa a chaitheamh le séala a chur ar an gconradh síochána. Cibé scéal é, searmanas ar leith ab ea é tobac a chaitheamh, agus ba iad na hEorpaigh ba túisce a rinne nós laethúil de. Tháinig borradh mór ar úsáid an tobac i ndiaidh do James Bonsack an meaisín rollta toitíní a chéadcheapadh sa bhliain 1880.<ref>http://www.britannica.com/facts/5/147744/James-A-Bonsack-as-discussed-in-cigarette</ref> Faoi lár na fichiú haoise, áfach, chuaigh an tuiscint ar feadh an domhain go raibh an tobac thar a bheith dainséarach don tsláinte, agus de réir a chéile, thosaigh na daoine ag éirí as an nós.