An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 21:
Thug Eibhlín Nic Dhubhghaill agus Margaret Hare rabhadh don bheirt dhúnmharfóirí go raibh na póilíní ar a lorg, agus bhí d'uain acu an corp a thabhairt amach as an teach sular tháinig na póilíní. Nuair a cuireadh ceastóireacht orthu, áfach, tháinig an Búrcach agus Eibhlín salach ar a chéile faoin am ar imigh Máire Ní Dhochartaigh, mar dhea. Fuair na póilíní leide a thug i dtreo an Dochtúra Knox iad, agus i seomra ranga an dochtúra, tháinig siad ar chorp Mháire. B'é James Gray a d'aithin í. Bhí na dúnmharfóirí gafa anois, chomh maith leis an mbeirt bhan, agus bhí an tsraith dúnmharfóireachta críochnaithe i ndiaidh aon mhí déag.
 
Nuair a thug nuachtán áitiúil i nDún Éideann tuairisc ar na himeachtaí, chuala Janet Brown, an striapach a tháinig slán nuair a maraíodh a leathbhádóir, iomrá orthu agus chuaigh sí ag cuidiú leis na póilíní. D'aithin sí éadaí de chuid Mhary Paterson, an striapach a bhí ina cuideachta agus a fuair bás.
 
Cé go raibh fianaise ann, níor leor í, agus thug an breitheamh tairiscint do Mhac Uí Eadhra: gheobhadh sé díolúine ón ionchúiseamh, dá mbeadh sé sásta fianaise a thabhairt in aghaidh an Bhúrcaigh. Thoiligh sé, agus gearradh breith an bháis ar an mBúrcach i Mí na Nollag 1828. Scaoileadh Eibhlín saor, ó nach rabhthas ábalta a chruthú go raibh lámh aici sna dúnmharuithe. Níor ionchúisíodh Robert Knox, cé go raibh callán mór ann faoi na himeachtaí.
 
D'fhill Eibhlín Nic Dhubhghaill abhaile, ach ba dhóbair di go linseálfadh slua de dhaoine feargacha í ar thairseach an tí. D'éalaigh sí go Sasana, ach tháinig a míchlú ansin roimpise. Deirtear gur thug sí aghaidh ar an Astráil ansin, agus go bhfuair sí bás ansin timpeall na bliana 1868. D'éalaigh Margaret Hare ó lucht a linseála freisin, agus an chuma ar an scéal gur theith sise go hÉirinn. Sin a bhfuil ar eolas fúithi.
 
Scaoileadh saor le Mac Uí Eadhra i bhFeabhra 1829. Bhí scéalta ag imeacht faoi agus iad ag tabhairt le fios gur fearr iarrtha déirce a bhí ann a raibh radharc a shúl caillte aige. Níor dearbhaíodh na scéalta seo riamh. Chonacthas an uair dheireanach é i gCarlisle, Sasana.