An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Sraith de dhúnmharuithe ab ea iad '''dúnmharuithe West Port''' a rinneadh i n[[Dún Éideann]] sna blianta [[1827]]-[[1828]]. B'iad William Burke (Liam de Búrca) agus William Hare (Liam Ó hEadhra), beirt Éireannach, na dúnmharfóirí, agus is í an tucaid a bhí acu leis na coireanna seo ná na corpáin a dhíol le dochtúirí Choláiste Míocháine Dhún Éideann, go háirithe leis an dochtúir [[Robert Knox]], anatamaí agus antraipeolaí clúiteach lena lá, ar theastaigh siad uaidh le taighde a dhéanamh orthu. B'iad a gcuid coireanna a chuir tús leis an bhfocal úd "[[búrcáil]]" sa Ghaeilge, a chiallaíonn corpshladaíocht nó corpghadaíocht.
 
==Na Dúnmharuithe==
 
Sa bhliain [[1827]], bhí cónaí ar Liam de Búrca agus a leannán, Eibhlín Nic Dhubhghaill (Helen MacDougall) i dteach Liam Uí Eadhra, mar thionóntaí. De réir mar a d'admhaigh Mac Uí Eadhra ina dhiaidh sin, seansaighdiúir ar pinsean ab ea é an chéad duine a dhíol siad leis na dochtúirí. Tionónta eile de chuid Mhac Uí Eadhra a bhí ann, agus nuair a fuair sé bás, bhí Mac Uí Eadhra i ndiaidh ceithre phunt air. I Mí na Samhna 1827, bhúrcáil an Búrcach agus Mac Uí Eadhra an corpán agus dhíol siad leis na dochtúirí ar seacht bpunt é.
Line 16 ⟶ 18:
 
B'í Mary Docherty, nó Máire Ní Dhochartaigh, an duine deireanach a maraíodh. Dúirt an Búrcach léi gur de mhuintir Uí Dhochartaigh dá mháthair féin, le hí a mhealladh isteach sa teach lóistín. Ansin, d'fhan sé go dtí gur fhág a chomhlóisteoirí, Ann agus James Gray, an áit, agus mharaigh sé Máire. Chuala na comharsanaigh gleo na troda, áfach.
 
==Deireadh na gCoireanna agus an Pionós==
 
An lá arna mhárach, d'éirigh Ann Gray drochamhrasach, nuair nach ligfeadh an Búrcadh di dul in aon chóngar don leaba ar fhág sí péire stocaí inti. Teacht an tráthnóna, bhí Ann agus James Gray ina n-aonar sa teach, agus nuair a sheiceáil siad an leaba, tháinig siad ar chorp Mháire Ní Dhochartaigh fúithi. Ag dul amach le fios a chur ar na póilíní dóibh, casadh Eibhlín Nic Dhubhghaill orthu. D'áitigh Eibhlín orthu dearmad a dhéanamh den scéal, ar acht go bhfaighfidís deich bpunt an tseachtain de bhrabús na gcorp. Dhiúltaigh siad.