An difríocht idir athruithe ar: "Cré na Cille"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
}}
Úrscéal [[Gaeilge]] leis an scríbhneoir [[Éireannach]] [[Máirtín Ó Cadhain]] é '''Cré na Cille''' nó '''Cré na Cille: aithris i ndeich n-eadarlúid''' uaireanta. Foilsíodh an t-úrscéal i dtráthchodanna sa nuachtán [[Scéala Éireann]] idir [[15 Feabhra]] agus [[17 Meán Fómhair]] na bliana [[1949]] agus foilsíodh i bhfoirm leabhair ag [[Sáirséal agus Dill]] sa bhliain cheanna é. Tá an t-úrscéal lonnaithe i reilig i g[[Conamara]]. Caitríona Pháidín an príomhcharachtar ann, í díreach tar éis báis, is caitheann sí a cuid ama ag comhrá le muintir na reilige. De réir mar a bhásaíonn tuilleadh daoine, tógtar scéalta faoin saol beo thuas síos go muintir na reilige is tagann sé chun solais go raibh is go bhfuil Caitríona Pháidín díreach ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar dheirfiúr léi Neil. Tugann an t-úrscéal spléachadh ar ghné mhíthaitneamhach de shaol na tuaithe in [[Éirinn]], gné na cúlchainte is an bhéadáin. Sa chaint dhíreach is mó atá téacs an leabhair. Tá an leabhar roinnte i ndeich n-eadarlúid. Bíonn ''Stoc na Cille'' ag caint idir gach eadarlúid. Tá de cháil ag an leabhar a bheith fíorchasta, agus is minic go n-áitítear nár thuig muintir Chonamara, muintir Uí Chadhain féin a raibh ann.<ref> Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brain Cleeve, Cló Mercier, 1971. </ref> Bhuaigh an t-úrsceal [[Duais an Oireachtais]] sa bhliain [[1947]] agus roghnaigh [[UNESCO]] go n-aistreofaí an leabhar go mórtheangacha eile na hEorpa, maraon le sárshaothair eile a scríobhadh i dteangacha neamhfhorleathana. Aithníodh beagnach láithreach gur mórleabhar de chuid na Gaeilge a bhí ann. Cé gur bhuaigh sé duais [[Oireachtas na Gaeilge|Oireachtais]], dhiúltaigh [[An Gúm]] glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. Nuair nach raibh an [[Gúm]] sásta déileáil leis mura mbainfí rudaí áirithe as, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, [[Sáirséal agus Dill]], leis agus d’fhoilsigh é ar an [[10 Márta]] [[1950]].
 
==Plota an Leabhair==
 
==Na hEadarlúidí==
 
* Eadarlúid I: An Chré Dhubh
* Eadarlúid II: An Chré á Srathrú
* Eadarlúid III: An Chré á Slámadh
 
* Eadarlúid IV: An Chré á Meilt
 
* Eadarlúid V: An Chré á Cnáimhleasú
 
* Eadarlúid VI: An Chré á Suaitheadh
 
* Eadarlúid VII: An Chré á Cumadh
 
* Eadarlúid VIII: An Chré á Cruaghoradh
 
* Eadarlúid IX: An Chré á Líomhadh
 
* Eadarlúid X: An Chré Gheal
 
== Tinfeadh don Leabhar ==