An difríocht idir athruithe ar: "Socheolaíocht"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is í an t'''socheolaíocht''' an staidéar léannta ar an tsochaí. Ceann de na heolaíochtaí sóisialta atá ann, agus is minic nach n-aithnítear difríocht ar bith idir an dá choincheap sin “socheolaíocht” agus “eolaíocht shóisialta”. Téann na socheolaithe i dtuilleamaí modhanna éagsúla oibre leis an tsochaí a thaighde mar atá sí agus le tátail anailiseacha a bhaint as a gcuid breathnuithe eimpíreacha chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar shaol sóisialta na ndaoine. Is é is cuspóir dá lán socheolaithe ná eolas a sholáthar le polasaithe sóisialta an stáit a fhorbairt agus leas sóisialta na ndaoine a fheabhsú, ach tá socheolaithe eile ann arb í an chloch is mó ar a bpaidrín ná tuiscint theoiriciúil na bpróiseas sóisialta a thabhairt chun sofaisticiúlachta. Sroicheann raon agus scóp na socheolaíochta ó mionleibhéal na gníomhaíochta agus idirghníomhaíochta indibhidiúla go mórleibhéal na gcóras is na struchtúr sóisialta.
 
Go traidisiúnta, is iad na hábhair thaighde is tábhachtaí a bhíonn ag na socheolaithe ná an srathú sóisialta, an aicme shóisialta, an cultúr, an tsoghluaisteacht shóisialta, an reiligiún, an dí-eaglaisiú, an dlí, agus an chlaonaíocht. Ó imríonn an idirghníomhaíocht idir an duine aonair agus an struchtúr sóisialta a tionchar ar gach a bhfuil idir lámhaibh ag an duine, is dual don tsocheolaíocht dul i bhfairsinge agus tuilleadh ábhar taighde a tharraingt chuici, cosúil leis na cúrsaí sláinte, na fórsaí armtha, na peannadlanna, an tIdirlíon agus páirt na gníomhaíochta sóisialta i bhforbairt an léinn agus an eolais.