An difríocht idir athruithe ar: "Socheolaíocht"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is í an t'''socheolaíocht''' an staidéar léannta ar an tsochaít[[sochaí]]. Ceann de na heolaíochtaí sóisialta atá ann, agus is minic nach n-aithnítear difríocht ar bith idir an dá choincheap sin “socheolaíocht” agus “eolaíocht“[[eolaíocht shóisialta”shóisialta]]”. Téann na socheolaithe i dtuilleamaí modhanna éagsúla oibre leis an tsochaí a thaighde mar atá sí agus le tátail anailiseacha a bhaint as a gcuid breathnuithe [[Eimpíreachas|eimpíreacha]] chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar shaol sóisialta na ndaoine. Is é is cuspóir dá lán socheolaithe ná eolas a sholáthar le polasaithe sóisialta an stáit a fhorbairt agus leas sóisialta na ndaoine a fheabhsú, ach tá socheolaithe eile ann arb í an chloch is mó ar a bpaidrín ná tuiscint theoiriciúil na bpróiseas sóisialta a thabhairt chun sofaisticiúlachta. Sroicheann raon agus scóp na socheolaíochta ó mionleibhéalmhionleibhéal na gníomhaíochta agus idirghníomhaíochta indibhidiúla go mórleibhéal na gcóras is na struchtúr sóisialta.
 
Go traidisiúnta, is iad na hábhair thaighde is tábhachtaí a bhíonn ag na socheolaithe ná an [[srathú sóisialta]], an [[aicme shóisialta]], an cultúr, an tsoghluaisteachtt[[soghluaisteacht shóisialta]], an [[reiligiún]], an [[dí-eaglaisiú]], an [[dlí]], agus an [[Claonaíocht|chlaonaíocht]]. Ó imríonn an idirghníomhaíocht idir an duine aonair agus an [[struchtúr sóisialta]] a tionchar ar gach a bhfuil idir lámhaibh ag an duine, is dual don tsocheolaíocht dul i bhfairsinge agus tuilleadh ábhar taighde a tharraingt chuici, cosúil leis na cúrsaí sláinte, na [[fórsaí armtha]], na [[Príosún|peannadlanna]], an tIdirlíont[[Idirlíon]] agus páirt na gníomhaíochta sóisialta i bhforbairt an léinn agus an eolais.
 
Na modhanna oibre a úsáidtear san eolaíocht shóisialta le taighde a dhéanamh chuaigh siad in éagsúlacht chomh maith. Tarraingíonn na taighdeoirí sóisialta ar theicníochtaí ilghnéitheacha cainníochtúla agus cáilíochtúla. Timpeall ar lár na fichiú haoise cuireadh suim sa teanga agus sa chultúr mar ghnéithe den tsochaí, rud a chruthaigh cineálacha nua cur chuige in anailis na sochaí agus iad ag cur béime ar chiallú na sonraí, ar an [[heirméineotaic]] agus ar an bhfealsúnachtbh[[fealsúnacht]]. Leis na blianta beaga anuas, áfach, tháinig teicníochtaí ar an bhfód atá bunaithe ar an [[matamaitic]] agus ar an ríomhaireacht[[ríomhaire]]acht, cosúil leis an múnlú gníomhaíbhunaithe agus anailis na ngréasán sóisialta. Níor chóir an tsocheolaíocht a thógáil in ainriocht na gcúrsaí staidéir i “léann sóisialta” nach bhfuil cosúil ar aon nós leis an tsocheolaíocht ó thaobh na teoirice ná na modhanna taighde de.
 
{{stumpa}}