An difríocht idir athruithe ar: "Íosa Críost"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag baint: ace:Isa
No edit summary
Líne 15:
| líonláithreán =
}}
Is é '''Íosa''' (t. 5 RCh/BCE – t. 30 AD/CE) bunaitheoir an reiligiúin [[Críostaíocht|Chríostaí]], agus de réir theagasc na n-eaglaisí Críostaí, is é mac [[Dia|Dé]] a tháinig i measc na ndaoine le hé féin a íobairt in íocaíocht a bpeacaí-sean. Tugtar '''Íosa Críost''' air sa gcomhthéacs sin (ó יהושע [''Yĕhošūa‘''] na h[[Eabhrais]]e agus ó Χριστός [Christos] sa t[[Sean-Ghréigis]]). Tugtar '''Íosa Nasarthach''' nó '''Íosa Nazórach''' air freisin. Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall [[6 RC|6]]–[[4 RC]] go dtí tuairim AD [[29]]–[[33]]. Tá an chuid is mó de na saineolaithe saolta nó neamh-Chríostaí féin ar aon bharúil go raibh a leithéid de dhuine stairiúil ann agus Íosa Críost, gurbh as an Ghailíl dó, go raibh sé ina theagascóir creidimh ag dornán beag de [[Giúdachas|Ghiúdaigh]], agus gur céasadh ar an gcros é mar thuathghríosóir nuair a bhí [[Píoláit]] ina ghobharnóir Rómhánach ar an b[[Palaistín]].
 
An fhianaise a deir gurb é Íosa Mac Dé, tá sé tugtha i gceithre [[Soiscéal|shoiscéal]] an [[Tiomna Nua]]. Is é an Tiomna Nua an chuid den [[Bíobla|Bhíobla]] a phléann saol Íosa, na himeachtaí ina dhiaidh ([[Gníomhartha na nAspal]]) agus forbairt an fhoirceadail Chríostaí, agus í breactha síos, ach go háirithe, i litreacha [[Naomh Pól|Naomh Póil]]. Is iad na Soiscéil an chuid is tábhachtaí den Tiomna Nua, agus iad ag teacht roimh an gcuid eile i ngach leagan den Tiomna.