An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid Ó Cuinneagáin"

Content deleted Content added
MystBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: it:Gearóid Ó Cuinneagáin
mNo edit summary
Líne 1:
Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na [[Gaeilge]] a bhí i n'''Gearóid Ó Cuinneagáin''' ([[2 Eanáir]], [[1910]]-[[13 Meitheamh]], [[1991]]). Rugadh i m[[Béal Feirste]] é ar an [[2 Eanáir]] 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir [[Séamus Ó Néill]] i scoil na m[[Bráithre Críostaí]] i Sráid Duibhise.
 
Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i [[1927]] mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh saoire leathbhliana dó chun tréimhse a chaitheamh sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]]. Chaith sé cúpla bliain i [[Rinn na Feirste]] i d[[Tír Chonaill]] sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar [[An tÉireannach (páipéar)|An tÉireannach]]. D'oscail sé biúró sainchomairlesainchomhairle cánach, Ó Cuinneagáin agus Cooke, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1937.
 
Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ó Cuinneagáin páirt tábhachtach i ngluaiseachtaí beaga éagsúla a bhí ag obair ar son na Fearsaide: Cumann Náisiúnta (nó 'Irish Friends of Germany'), Clann na Saoirse agus Aicéin (eagraíocht óige an pháirtí [[Córas na Poblachta]]). Is ar éigean a d'éalaigh sé tréimhse i gcampa géibhinn nuair a dhíscaoil an Rialtas Cumann Náisiúnta mar gluaiseacht fealltach i ndeireadh na Bealtaine 1940.