An difríocht idir athruithe ar: "Theobald Wolfe Tone"

Content deleted Content added
Catagóir, cúpla naisc
m Nasc
Líne 7:
Ceapadh Tone ina rúnaí lánaimseartha ar Choiste na gCaitliceach in earrach na bliana 1792 agus bhí sé i mbun feachtais chun cliarscoil a bhunú in Éirinn ionas go mbeadh sagairt na tíre á n-oiliúint ina dtír féin. De réir mar a chonacthas nach ngéillfeadh Rialtas na [[an Bhreatain|Breataine]] d'éileamh na nÉireannach Aontaithe chuathas i muinín na réabhlóideach sa Fhrainc. Iarradh ar na Francaigh fórsaí a chur go hÉirinn chun an réabhlóid a chur i gcrích. Fuair na húdaráis amach go raibh an chomhcheilg seo ar bun agus gabhadh cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Tugadh cead do Tone an tír a fhágáil agus d'imigh sé lena chlann go Philadelphia sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] ar feadh tamaill. Ach níor thaitin na Meiriceánaigh leis, ní raibh i Washington dar leis ach "''high-flying aristocrat''" agus ní raibh na Meiriceánaigh chomh ceanúil ar an daonlathas agus a mhaígh siad, dar leis.
 
Chuaigh Tone go [[Páras]] chun an Stiúrthóireacht a spreagadh chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Sheoil cabhlach mór le 14,000 fear as calafort [[Brest]] ach theip go tubaisteach ar an iarracht teacht i dtír i g[[Cuan Bheanntraí]] i 1796. Chaith Tone tamall ina oifigeach in arm na Fraince agus rinne sé cúpla iarracht eile ionradh a eagrú i gcomhar leis na Francaigh agus na h[[An Ísiltír|Ollannaigh]].
 
Thosaigh [[Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe]] in Éirinn i 1798 agus Tone thar sáile, agus arís rinne sé a dhícheall chun ionradh Francach a eagrú. Cuireadh fórsa beag go Maigh Eo faoi cheannas Humbert ach bhí formhór na tíre ceansaithe ar Arm na Breataine faoin am sin agus níor mhair an feachtas sin i bhfad. Chuaigh Tone é féin le cabhlach beag go Loch Súilí ach chloígh cabhlach na Breataine go héasca é agus gabhadh Tone. Daoradh chun báis é, ach ghearr sé a scornach le scian póca ar an 12 Samhain 1798, agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin.