An difríocht idir athruithe ar: "Anno Domini"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: zh:西元
No edit summary
Líne 1:
Is é is brí leis na focail [[Laidin]]e '''Anno Domini''' (nó '''Anno Domini Nostri Iesu Christi''') ná "i mbliain an Tiarna" (nó "i mbliain ár dTiarna Íosa Chríost"). Is mar '''A.D.''', '''AD''' nó '''ADIC''' (''Iar-Chríost'') a ghiorraítear é. Cuirtear na focail seo le h[[uimhir]] na bliana, agus na blianta á gcuntas ón chéad bhliain i ndiaidh bhreith Íosa Críost. Is í an bhliain [[1]] an chéad bhliain sa chóras seo, agus níl aon bhliain [[0]] ann.
 
Go bunúsach, is córas é seo atá bunaithe ar an gcreideamh Críostaí, ach glacann go leor forais agus fothuithe idirnáisiúnta leis mar chaighdeán, agus i dtíortha a úsáideann an chosmhuintir féilire éigin eile, is gnách aird a thabhairt ar an bhféilire Críostaí agus ar ré na Críostaíochta i gcúrsaí gnó agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Ar mhaithe leis an neodrach i gcaidreamh idirchreidmheach, áfach, is minic a chloistear leaganacha ar nós "de réir na ré coitianta" in áit "A.D." ina lán teangacha inniu.