An difríocht idir athruithe ar: "An tSeirbea-Chróitis"

Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: mr:सर्बो-क्रोएशियन भाषा; athruithe cosmaideacha
nasc
Líne 2:
'''Seirbea-Chróitis''' nó '''Cróite-Sheirbis''' a thugtar ar an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] atá á labhairt sa [[An Chróit|Chróit]], sa [[An tSeirbia|tSeirbia]], sa [[Boisnia|Bhoisnia]]-Heirseagaivéin agus i [[Montainéagró]]. Sa chiall chúng, ba í an tSeirbea-Chróitis an leagan caighdeánaithe a bhí in úsáid oifigiúil sa [[Iúgslaiv]] sna blianta [[1954]]-[[1991]], sa bhreis ar an t[[Slóivéinis]] agus ar an [[Macadóinis|Mhacadóinis]]. Tá an teanga chaighdeánaithe seo bunaithe ar an gcanúint úd ''štokavski'', go háirithe ar an leagan di ar a dtugtar ''novoštokavski'', is é sin, ''štokavski'' nua. Cé go bhfuil na Bosnaigh, na Seirbigh, na Crótaigh agus na Montainéigrínigh féin ag iarraidh caighdeáin dá gcuid féin a fhorbairt, níl siad ag iarraidh aon chanúint eile seachas an ''novoštokavski'' a úsáid mar dhúshraith don chaighdeán nua.
 
Dealraíonn sé gurbh é an teangeolaí Slóivéanach Jernej Kopitar ba luaithe a bhain úsáid as an téarma féin "Seirbea-Chróitis", cé gur féidir gurbh é an Slóvacach Pavel Jozef Šafárik a chéadcheap an focal. Ainm eile a bhí in úsáid san am ab ea é "Illíris", ach tá sé níos coitianta "Illíris" a thabhairt ar an tseanteanga hipitéiseach as ar fhorbair an [[Albáinis]]. Faoi lár na [[19ú haois|naoú haoise déag]], chaighdeánaigh na teangeolaithe Seirbiacha agus Crótacha an teanga in éineacht, ionas go mbeadh sé indéanta úsáid a bhaint as na [[Aibítir Choireallach|litreacha Coireallacha]] agus Laidineacha araon leis an teanga a bhreacadh síos. Ba é an [[béaloideas|béaloideasóir]] Seirbiach Vuk Stefanović Karadžić a bhí i gceannas ar an gcaighdeánú Coireallach, agus an Crótach Ljudevit Gaj agus an Seirbiach Đuro Daničić a shocraigh an ceartlitriú [[Laidin]]each. Bhí sé i gceist acu go mór mór go seasfadh gach litir Choireallach d'aon litir amháin sa leagan [[Laidin]]each agus a mhalairt, rud a fhágann go bhfuil leagan Seirbiach na haibítre Coireallaí sách difriúil leis an leagan Rúiseach. Mar shampla, is mar ''Югославия'' a scríobhann na [[Rúisigh]] ainm [[an Iúgslaiv|na hIúgslaive]], ach is é ''Југославија'' an leagan Seirbise. (''Jugoslavija'' an litriú Cróitise.)
 
Is ar éigean a úsáideann na cainteoirí féin an téarma sin "Seirbea-Chróitis" inniu, ach mar sin féin tá sé praiticiúil "Seirbea-Chróitis" a thabhairt ar na leaganacha éagsúla caighdeánacha atá bunaithe ar an gcanúint úd ''novoštokavski''.