An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Oileán Mhanann"

Content deleted Content added
No edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
Manainn 's Alba
Líne 1:
Dé réir an Bhaldraitheach agus An Foclóir Póca, tugtar Manainn nó Oileán Mhanann ar an oileán, agus tugtar Manainnis ar an teanga. Is fearr liom an leagan [[Gaeilge Mhanann]], áfach. --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 23:00, 22 Dec 2004 (UTC)
:Feictear domsa gur ghnách Manannais a thabhairt ar an teanga, agus gur "Oileán Mhanainn" an gnás ag foinsí údarásacha. Tá níos mó ar an saol ná "de Bhaldraithe." I nGaeilge na hAlban, is léir gur ¨Mhanainn¨ an ghineadach. Cén deifir mór atá ort leis na reversions, pé scéal é. Agus más i dteidil riarthóra atá tú ag déanamh athraithe, ní cosúil go mbacann tú freagra thabhairt ar cheisteanna a chuireann daoine chugat. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 15:41, 23 Nol 2004 (UTC)
::Ní féidir liom aon foinse a fháil a dtugannthugann na leagain 'Manannais' nó 'Oileán Mhanainn'. Má tá ceann agatsa, déan tagairt leis anseo chun brí a thabhairt ledo do mholadh. Tá an-deifir agamorm na sean-leagain a athúsáid mar ghearr tú an ábhar a raibh sa leathanach seo agus greamaigh tú é ar leathanach eile. Ní ceart é sin a dhéanamh, mar cailltear an stair leathanaigh agus ní féidir é a aimsiú cé a scríobh píosaí éigin, srl. Iarraim ort gan ábhar a ghearr is greamaigh, ach na leathanaigh a athainmnighathainmniú (nó má tá leathanach ann cheana féin, iarratas a chur chugat chun an leathanach a scriosadh. --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 18:58, 24 Nol 2004 (UTC)
:::Is é ''Manainnis'' nó ''Gaeilge Mhanann'' is ainm na teangateangan. ''Manainn'' is ainm andon oileáin, nó ''Oileán Mhanann''. It is an old feminine n-stem, cf Éire gen. Éireann, dat. Éirinn; original Alba (now Albain), gen. Alban, dat. Albain; original Mana (now Manainn), gen. Manann, dat. Manainn. [[Úsáideoir:Evertype|Evertype]] 12:29, 25 Nol 2004 (UTC)
::::Tá an méid seo maith go leor, ach le cupla ''proviso''. Tugann de Bhaldraithe ''Manannais'' ar an dteanga, cé go n-aontaím leis an leagan ''Manainnis''. Tugann Dineen ''Oileán Manann'', agus is dóigh gur dearmad gan an séimhiú a bheith ann.
::::Maidir le h-Alban, ní mheasaim go bhfuil an scéal chomh simplí. Tugann muintir na tíre sin ''Alba'' air i gcónaí, agus sílim gur acu atá an ceart. Ní minic a úsáidtear an ainmneach nó an cuspóireach in ainm na tíre, agus cé go dtugann deBh, ÓD, srl, Albain air mar ainmneach, ní dóigh go bhfuil gá, nó pointe fiú, leis an ''aithainmniú'' seo. Tugann Dineen ´´Alba´´ air, agus is deacair foinse níos údarásaí a fháil ar fhocal atá súite sa stair. Agus mar nach n-úsáidtear an ainm. nó cusp. ach go h-an annamh, níl ciall leis an athainmniú. Ar nós, abair, an fhoirm gairmeach de ''Séamus-Séumas-srl'', tugann daoine in Albain ''Hamish'' ar bhuachaillí, ach is dearmad é a tháinig ó úsáid an tuisil ghairmí. Sin a tharla, cheapfainn, le ''Albain'', agus is gá scéal níos fearr chun ainm na tíre Gaelaí sin a athrú. Ní leor dearmad foclóra amháin.
 
::::Dála an scéil, má dhéanann sibh cuardach i Google nó MSN, tá roinnt mhaith úsáide fós le ''Mhanainn'' mar ghineadach sa Ghaeilge, fiú in Éirinn, agus is deacair a rá go bhfuil ceann nó ceann eile 'mícheart'. Agus tá súil agam gur cuma libh gur chuireas cupla cheartúchán sna míreanna a scríobh sibh thuas, Le meas. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 17:58, 26 Nol 2004 (UTC)
Return to "Oileán Mhanann" page.