An difríocht idir athruithe ar: "Iomáint"

spórt foirne atá dúchasach do hÉire
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 21:24, 8 Nollaig 2004

Cluiche foirne atá san iomáint ina bhaintear feidhm as camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Meastar go bhfuil sé ar cheann des na cluichí foirne is sciobthaí. Is de bhunadh Gaelach an cluiche ,agus is in Éirinn is mó a imrítear é. Tá gaol aige le shinty, cluiche a imrítear don chuid is mó in Albain. Tugtar an chamógaíocht ar leagan den cluiche a imríonn mná

Cluiche

Is é cuspóir an chluiche níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar scóráil trén sliotar a thiomáint idir chuaillí an taoibh eile. Tá diameter 65mm (2.55 inches) ag an sliotar agus é clúdaithe le leathair. Tá an pháirc imirthe 140 metre (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ar a bhun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 7 slat (6.4 meadar) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 7 dtroigh (2.13 meadar) os cionn na talún. Buaitear cúl, le luach trí bpointe, nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna, agus pointe amháin nuair a chuirtear os a chionn an sliotar.


Iománaithe cáiliúla