An difríocht idir athruithe ar: "An Gúm"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
stíl, gramadach
Líne 12:
Is comhlacht de chuid rialtas na h[[Éire]]ann é '''An Gúm''' atá ceaptha le litríocht [[Gaeilge]] a fhoilsiú, go háirithe áiseanna oideachais. Bunaíodh sa bhliain [[1926]] é mar chuid de [[Roinn Oideachais na hÉireann]] ach anois is cuid [[Foras na Gaeilge|d'Fhoras na Gaeilge]] é. Is é an foilsitheoir leabhar Gaeilge is mó sa tír. An leabhar is cáiliúla a d'fhoilsigh sé ná an [[Foclóir Póca]], ar bhain, nó a mbaineann, beagnach gach dalta scoile in [[Éire|Éirinn]] úsáid as. Is iomaí foclóir eile a tháinig ón nGúm, áfach, ar nós foclóirí Néill Uí Dhónaill (Foclóir Gaeilge-Béarla) agus Thomáis de Bhaldraithe. Thairis sin, bíonn an Gúm ag foilsiú leaganacha nua de leabhair Ghaeilge na [[1920í|bhfichidí]] agus na [[1930í|dtríochaidí]].
 
AnoisFaoi láthair tá sé i gceist ag an nGúm foclóir nua Gaeilge-Béarla a déanamhcur lei gachdtoll modhle Gaeilgechéile atáa inchuireann úsáidsan saáireamh raon atáúsáide inniugo ann.léir Bhína anteanga chéadinniu. chuid,Críochnaíodh 'Céim 1'a hAon, céim na pleanála agus an deartha críochnaithe i bhFómhar na bliana 2004, agus anois tá 'Céim 2'a Dó, scríbhneoireachtcumadh an fhoclóra féin, ar obair. inniu,
 
Is é is brí leis an bhfocal sin ''gúm'' ná "plean", "scéim", "cleas" nó "tionscadal". Focal é nach gcloisfeá i ngach Gaeltacht sa bhunchiall seo, ach nuair a bhí an teanga á labhairt i gContae an Chláir, ba chuid de chanúint an cheantair sin é. Focal nádúrtha é freisin i nGaeilge Bhaile an Chláir taobh thoir de Chathair na Gaillimhe.