An difríocht idir athruithe ar: "Eugenio Montale"

Content deleted Content added
RedBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: eu:Eugenio Montale
Líne 5:
An duine ab óige de sheisear a bhí ann. Chuaigh sé sna saighdiúirí sa bhliain [[1917]] agus chaith sé an bhlian dheireanach den [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]] ag troid sa Sudtirol. Ag deireadh an chogaidh chuir sé faoi in Genova agus musclaíodh a shuim i gcúrsaí litríochta. Chuir sé aithne ar scríbhneoirí agus ar léirmheastóirí na háite agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an nuachtán ''Primo Tempo''.
 
Cuireadh a chéad leabhar, ''Ossi di Seppia'', i gcló sa bhliain [[1925]]. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhog sé go dtí [[Flórans]] mar a raibh an leabharlann Gabinetto Vieusseux faoina chúram. Briseadh as an bpost sin é sa bhliain [[1938]] toisc gur dhiúltaigh sé dul sa pháirtí faisisteach. An bhliain dar gcionn d'fhoilsigh Montale an dara leabhar aige, ''Le Occasioni''. Faoin am seo bhí sé ag obair le nuachtán i bhFlórans agus ó [[1948]] amach le ''[[Corriere della Sera]]'' in Milano.
 
Tháinig ''La Bufera'' ar an saol sa bhliain [[1956]], agus ''Satura'' sa bhliain ''1971''.