An difríocht idir athruithe ar: "Marsantachas"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Foirceadal eacnamaíochta é an '''marsantachas''' atá bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil sé riachtanach smacht an stáit a chur i bhfeidhm ar an trádáil leis na t...'
 
naisc
Líne 1:
Foirceadal eacnamaíochta[[eacnamaíocht]]a é an '''marsantachas''' atá bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil sé riachtanach smacht an stáit a chur i bhfeidhm ar an trádáil leis na tíortha iasachta le slándáil mhíleata agus eacnamúil an stáit a chinntiú. Cuireann an marsantachas béim ar leith ar chomhardú na trádála a bheith ag fabhrú do do stát féin, seachas na tíortha coimhthíocha. Is minic a tharraing an marsantachas cogadh idir tíortha éagsúla Eorpacha, agus ba iad na modhanna oibre a bhí ag na stáit le polasaithe marsantachais a chur i bhfeidhm ná dleachtaí arda custaim agus monaplachtaí - go bunúsach bhí gach stát ag iarraidh a chosc ar a mhuintir féin trádáil a dhéanamh le muintir na stát eile. Bhí an marsantachas faoi lántseoil ón séú haois déag go dtí an ochtú haois déag. Sa naoú haois déag, áfach, thosaigh na stáit ag éirí as, agus smaointeachas na saorthrádála ag dul chun cinn.
 
[[en:Mercantilism]]