An difríocht idir athruithe ar: "Grigoriy Rasputin"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag mionathrú: th:กริกอรี รัสปูติน
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Rasputyin.jpg|thumb|upright|Rasputin]]
Bráthair siúil ab ea '''Grigoriy Yefimovich Rasputin''' (gaelaithe uaireanta mar ''Raspúitín'') a bhí ina chomhairleoir ag impire deireanach na [[An Rúis|Rúise]], [[Nioclás a Dó]]. Rugadh Rasputin ar an [[22 Eanáir]] [[1869]] (ar an 10 Eanáir, de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am) i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir, agus dúnmharaíodh é i g[[Cathair Pheadair]] ar an [[29 Nollaig]] [[1916]].
 
Bíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt. Deirtear, mar shampla, gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh na [[draíocht]]a a bhí ann. De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir. Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar an [[haemaifilia]] a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar an [[Impireacht na Rúise|Impire]].