An difríocht idir athruithe ar: "Aibhistín de Staic"

Content deleted Content added
m Rang +IV
Naisc inmheánacha
Líne 1:
Réabhlóidí Éireannach[[Éire]]annach ab ea é '''Aibhistín de Staic''' ([[7 Mí na NollagNollaig]] [[1879]] - [[27 Aibreán]] [[1929]]).
 
== Saol ==
Saolaíodh Aibhistín de Staic i d[[Trá Lí]] i g[[Contae Chiarraí]]. Fuair sé a chuid oideachais ó [[na Bráithre Críostaí]] i dTrá Lí. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, thréig sé an scoil agus chuaigh sé ag obair ina chléireach in oifig dlíodóra. Bhí sé ar fheabhas ina pheileadóir, agus é i gceannas ar fhoireann Chiarraí nuair a bhain siad an chraobh uile-Éireann sa bhliain [[1904]]. Bhí sé freisin ina Uachtarán ar Bhord [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]] don [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]].
 
Sa bhliain [[1908]], chuaigh sé san [[IRB]]. Ní raibh sé gníomhach i bpolaitíocht roimhe sin. Sa bhliain [[1916]], bhí sé ina cheannfort ar na h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] i g[[Ciarraí]], agus é le teacht in araicis na n-arm [[An Ghearmáin|Gearmánach]] a bhí [[Ruairí Mac Easmainn]] a thabhairt go hÉirinn. Ghabh na [[Sasana|Sasanaigh]] é, áfach, agus daoradh chun báis é. Ina dhiaidh sin, áfach, maolaíodh an pionós sin go pianseirbhís saoil. Scaoileadh saor é i Mí an Mheithimh, [[1917]], de bharr an phardúin ghinearálta, agus vótáladh isteach ina Fheisire do [[Sinn Féin|Shinn Féin]] i gCiarraí é in olltoghchán na bliana [[1918]].
 
Bhí sé go tréan in aghaidh an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], agus chuir sé troid ar Arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]] sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Chathartha]]. Ceapadh é sa bhliain [[1923]], agus chuaigh sé ar stailc ocrais a mhair le lá amháin is dhá scór sular saoradh é i Mí Iúil [[1924]]. Nuair a bhunaigh [[Éamon de Valera]] [[Fianna Fáil]] sa bhliain [[1926]], d'fhan Aibhistín de Staic ina bhall de [[Sinn Féin|Shinn Féin]], agus hatoghadh ina Theachta [[Dáil Éireann|Dála]] é sa bhliain [[1927]].
 
Ní bhfuair sé biseach ceart riamh i ndiaidh an chéalacain fhada. Shíothlaigh sé in ospidéal i m[[Baile Átha Cliath]] i Mí Aibreáin sa bhliain [[1929]], gan ach naoi mbliana is dhá scór d'aois aige.
{{stumpa}}
 
[[Rang:Daoine a rugadh i 1879|Staic, Aibhistín de]]
[[Rang:Básanna i 1929|Staic, Aibhistín de]]