An difríocht idir athruithe ar: "Hamilton, Ontario"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:HamiltonOntarioSkylineC.JPG|mion|275px|dheis|Lár Hamilton]]
Cathair i gcúige [[Ontario]], i g[[Ceanada]], é '''Hamilton''', agus é suite ag ceann thiar [[Loch Ontario]] i lár theas an chúige. Calafort agus cathair mhór déantúsaíochta atá ann. Bhí 519,949 duine ina gcónaí i Hamilton sa bhliain 2011, 721,053 ar fad i mórcheantar na cathrach. Is é Bob Bratina méara Hamilton.
 
Na hIndiaigh Neodracha a bhí ina gcónaí sa limistéar ina bhfuil Hamilton anois. Chuir na Mohawk, comhghuaillithe de chuid na Sasanach, cogadh urthu agus scrios siad bailte beaga na nIdiach Neodrach. Sa bhliain 1784, chuir timpeall agus 10,000 Dílseoirí ó na 13 Coilíneacht fúthu sa chuid sin d'Ontario. Tháinig níos mó Meiriceánach ar a sála, chomh maith lena lán [[Iroquois]] a throid sa chogadh ar thaobh na mBriotanach. Lonnaigh na hIroquois i gceantracha laistiar de Hamilton.
 
George Hamilton a smaoinigh ar bhaile mór a bhunú san áit. Rinneadh cathair de ar an 9ú Meitheamh 1846. Ar an 1ú Eanáir 2001, cuireadh cathair Hamilton le Wentworth agus bailte eile sa cheantar faoi aon bhardasacht amháin.
 
Tá Hamilton suite sa réigiún is dlúithe tionsclaíocht i gCeanada, réigiún a shíníonn siar ó Hamilton go [[Torontó]] agus ar a dtugtar an Crú Capaill Órga (Golden Horseshoe) as an gcruth atá air ar an léarscáil. Déantar 60% de [[Cruach (miotal)|chruach]] Cheanada i Hamilton.