An difríocht idir athruithe ar: "An Eabhrais"

Content deleted Content added
Rubinbot (plé | dréachtaí)
m r2.5.4) (róbat ag mionathrú: ml:ഹീബ്രു
Líne 50:
Faoin am céanna bhí Ben-Yehúda gnóthach ina iriseoir fosta, nó ba dóigh leis gur trí mheán an nuachtáin ab fhearr a chraobhscaoilfeadh sé na focail nuachumtha ar fud na Palaistíne. Ar an mbealach seo d'fhoghlaimeodh na Giúdaigh scéalta iriseoireachta fá dtaobh de na cúrsaí reatha a léamh is a chardáil le chéile sa tseanteanga. Ós rud é go raibh formhór mór na nGiúdach ábalta ciall a bhaint as Eabhrais scríofa siúd is nach raibh labhairt na teanga acu, bhíodar in ann nuacht Bhen Yehúda a thuiscint. Chonaiceadar lena súile féin go raibh sracadh san Eabhrais go fóill, agus acmhainn inti cur síos ar shaol a linne féin.
 
Le téarmaíocht nua-aimseartha na hEabhraise a dhíolaim is a chaighdeánú chuaigh Ben Yehúda i gceann foclóiríochta. Chuir sé bun leis an obair seo roimh aistriú go dtí an Phalaistín dó, agus de réir a chéile d'eascair seacht n-imleabhar déag aisti. Déanta na fírinne chuaigh de an foclóir a chríochnú roimh a bhás, agus b'iad a mhac is a bhean chéile a chuir an dlaíóg mhullaigh air. Ní ina aonar a d'oibrigh Ben Yehúda lá a shaoil ach oiread, nó nuair a bhíodh call leis chuireadh sé gairm scoile ar lucht an tsaineolais le ceisteanna ar leith idir théarmaíocht is fhuaimniú, idir cheartlitriú is phoncaíocht a réiteach. Mar sin, tháinig bun le Comhairle na hEabhraise, as ar fhás [[Acadamh na hEabhraise]]. Is é an tAcadamh seo an t-údarás oifigiúil in Iosrael inniu a dhéanann scagadh ar nua-fhorbairtí na teanga is a mholann téarmaí nua le h-úsáid.
 
Nuair a bhí an dara glúin d'Eabhraiseoirí dúchasacha ag teacht ar an bhfód, b'éigean do na h-údaráis aitheantas a thabhairt don rud a tharla. Bhronn údaráis Shasanacha Limistéar Sainordaithe na Palaistíne stádas oifigiúil ar theanga na hEabhraise sa bhliain míle naoi gcéad a dó is fiche. Bhí Ben-Yehúda beo beathach go fóill, agus é ag streachailt leis in aghaidh eitinne le leathchéad bliain anuas; ach anois, tar éis a aisling mhór a chur i gcrích dó, bhí sé sásta scaradh go suaimhneach sonasta leis an saol.