An difríocht idir athruithe ar: "Carbón"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag mionathrú: yo:Kárbónì
Líne 40:
Má thuaslagtar dé-ocsaíd charbóin san [[uisce]], gheofar aigéad carbónach H<sub>2</sub>CO<sub>3</sub>. Is é an tuiscint a bhí ag na [[ceimiceoir]]í riamh nach féidir an t-aigéad carbónach a aonrú mar shubstaint ghlan, ach sa bhliain 1991, d'éirigh leis na saineolaithe sa Goddard Space Flight Center, lárionad taighde de chuid an [[NASA]], samplaí d'aigéad carbónach glan a tháirgeadh. Dealraíonn sé, áfach, go dtitfidh móilíní an aigéid charbónaigh as a chéile le huisce agus dé-ocsaíd charbónach a dhéanamh a thúisce is a rachaidh oiread is aon mhóilín uisce amháin i dteagmháil leo.
 
=== Na Carbónáitícarbónáití ===
 
Cibé faoi sin, is féidir salainn an aigéid seo a tháirgeadh - carbónáití, mar a thugtar orthu, agus iad sách coitianta i measc na mianraí nádúrtha: an [[Cailcít|chailcít]], nó an charbónáit chailciam CaCO<sub>3</sub>, an smitsinít nó an charbónáit since ZnCO<sub>3</sub>, an ródacróisít nó an charbónáit mhangainéise MnCO<sub>3</sub>, an rutarfoirdín nó an charbónáit úráinile UO<sub>2</sub>CO<sub>3</sub>, agus a lán eile.