An difríocht idir athruithe ar: "Amhlaoibh Ó Súilleabháin"

Content deleted Content added
Líne 4:
 
I gCill Áirne a tháinig Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an saol, ach nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois, chuaigh a athair, Donncha Ó Súilleabháin, agus é ina mháistir scoile, chuaigh sé ag obair i bPort Láirge, agus a chlann ag leanúint leis. An bhliain a bhí chugainn, arís, shocraigh an teaghlach síos i gCallainn. Chaith an t-athair agus a mhac cuid mhaith ama ag féacháil le slí bheatha éigin a bhaint amach ag múinteoireacht sna bailte máguaird. Múinteoirí scoile scairte a bhí iontu, cé go ndealraíonn sé go raibh bothán nó teach de shórt éigin acu an chuid ba mhó den am le haghaidh scoile. Fuair athair Amhlaoibh bás sa bhliain [[1808]], agus is dóigh le [[Tomás de Bhaldraithe]], fear eagair na Cíne Lae, gurbh ansin a chuir Amhlaoibh faoi go seasta i gCallainn.
 
===Múinteoir agus Fear Ileolach===
 
Is dócha go raibh Amhlaoibh féin éirithe as an múinteoireacht cheana féin nuair a bhreac sé síos an Chín Lae, ach déanann sé tagairt dá dheartháir, Donncha Óg, a bhí i gceann na hoibre céanna i gcónaí, agus é ag déanamh a chuid múinteoireachta ar áiléar a thí féin.
 
Dealraíonn sé go raibh eolas réasúnta maith ag Amhlaoibh ar go leor ábhar foghlama a bhí tábhachtach don mhúinteoir chois claí, ar nós na matamaitice, na litríochta Clasaicí agus na luibheolaíochta. Bhí suim ar leith aige sna luibheanna agus sna plandaí, agus tá a dhialann breac le tagairtí do chúrsaí an dúlra. Bhí léann agus [[Béarla]] aige, mar a déarfadh fear na Gaeltachta, nó scríobh sé an dialann sa dá theanga, cuid di as Gaeilge agus cuid di as Béarla, agus ní raibh locht ar bith ar a chuid Béarla.
 
===A Shaol Príobháideach===
 
Bhí sórt gnóthais ag Amhlaoibh, agus é ag déileáil leis an línéadach. Chaithfeadh sé turasanna fada a dhéanamh le freastal ar a chuid gnóthaí. Mar sin, ní raibh sé ar duime de bhochtáin na háite go díreach. Bhíodh caidreamh aige leis na maithe is na móruaisle, ar nós an dochtúra áitiúil. Bhí sé ina chaidreamhach maith agus ina fhear mór ragairne agus cluichí. Bhí sé pósta ar bhean darbh ainm Máire Ní Dhulachanta, ach ní dhearna sé mórán tráchta uirthi ina dhialann. Fuair sí bás air, áfach, agus cé go raibh an-chumha air ina diaidh, bhí sé ag caint ar fhéidearthacht an chleamhnais nua. Ní dhearna sé an t-athphósadh riamh, áfach.
 
===Gael Deireanach a Shloinne===
 
Rinne sé staidéar agus taighde ar sheanchultúr na nGael mar chaitheamh aimsire, agus é ag bailiú lámhscríbhinní Gaeilge agus ag breacadh síos nótaí faoin gcanúint áitiúil. Bhí ciall aige do chúrsaí sochtheangeolaíochta agus dátheangachais fosta, agus é ag cur cron ann go raibh na tuismitheoirí ina thimpeall ag cromadh ar an mBéarla a labhairt lena gclann. Cúis bhuartha a bhí ann dó, nó d'aithin sé nach mbeadh mórán maireachtála i ndán don Ghaeilge, agus an chuma sin ar an scéal.