An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr Crús Ó Briain"
Content deleted Content added
Eomurchadha (plé | dréachtaí) No edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 3:
|íomhá =
|teideal1 =Aire Puist agus Telegrafa
|dátaí1 =[[14 Márta]], [[1973]]
|réamhtheachtaí1 =[[Gearóid Ó Coileáin]]
|comharba1 =[[Pádraig Ó Fachtna]]
|teideal2 =Ball den 14ú Seanad
|dátaí2 =[[Meitheamh]], [[1977]]
|teideal3 =Feisire de Pharlaimint na hEorpa
|dátaí3 =[[Eanáir]], [[1973]]
|dáta_breithe =[[3 Samhain]], [[1917]]
|áit_bhreithe =[[Ráth Maonais]], [[BÁC]]
Líne 22:
Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na [[Náisiúin Aontaithe]] i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó]] í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, ''To Katanga and Back'', a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.
Sna blianta
Sa bhliain 1969, d'fhill sé ar Éirinn le bheith ina pholaiteoir agus ina ionadaí do [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Pháirtí an Lucht Oibre]]. D'éirigh go maith leis ar dtús, ach nuair a rinneadh Aire Poist agus Teileagraif de sa bhliain 1973, tharraing sé a lán seantithe anuas air. Ghlac sé col fíochmhar leis an bPoblachtánachas Éireannach, agus chuaigh sé i dtuilleamaí cinsireachta leis an mbolscaireacht Phoblachtánach a ruaigeadh as an gcraolachán. Thriail sé freisin na hamhráin reibiliúnacha a chosc ar an raidió. De thoradh na n-iarrachtaí seo, theip air sa chéad toghchán eile, agus chaill sé a shuíochán mar Theachta Dála. Mar sin féin, rinneadh Seanadóir de go gairid ina dhiaidh sin.
Sna blianta
Bhí sé an-mhíshásta le polasaithe [[Cathal Ó hEochaidh|Chathal Uí Eochaidh]], agus b'eisean a cheap an acrainim úd ''GUBU'' (''Grotesque, Unbelievable, Bizarre, Unprecedented'' - "arrachtúil, dochreidte, áiféiseach, gan réamhshampla") mar ainm ar rialtas Uí Eochaidh sa bhliain 1982.
|