An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
m Bot: es:Conquista de Irlanda por Cromwell is a good article
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 7:
Idir an dá linn bhí Ríogaithe ag cruinniú le chéile in [[Éire|Éirinn]], áit a ndearna siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann sa bhliain 1649. Ba é seo an rud ba mhó ba bhaol do Pharlaimint Shasana, go fiú má bhí Caitlicigh éigin i gcoinne an chomhaontais agus roinnt Ríogaithe [[Protastúnachas|Protastúnacha]] i [[Sasana]] ag dul de réir a chéile i leith na Parlaiminte. Dúirt Cromail féin le Comhairle an Airm ar 23 Márta 1649 gurbh iad na Éireannaigh a bhí 'the most dangerous'.<ref>Féach Lenihan, Pádraig (2000). ''Confederate Catholics at War'' (Cork University Press), ISBN 1-85918-244-5, lch 115.</ref> I Mí Mhárta cheap an Pharlaimint Cromail chun dul anonn i gceann feachtais. Chaith sé tamall maith ag fáil faoi réir agus i Mí Iúil ghluais sé féin agus a arm ó [[Bristol|Bhristol]].
 
Bhí gráin ag Cromail ar an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]]. agusShíl barúil aige gur shéan sí ríthábhacht an Bíobla|Bhíobla]] agus go ndearna sí leatrom agus géarleanúint ar Phrotastúnaigh san [[Eoraip]]. Rud eile a chuaigh i bhfeidhm air ba ea ceannairc na bliana 1641 in Éirinn, nuair a mharaigh Caitlicigh roinnt Protastúnach ó Shasana agus ó [[Albain]] a chuir fúthu ar thailte na n[[Gael]]. Rinneadh áibhéil ar an líon daoine a ndearnadh ár orthu agus ar an drochíde a tugadh dóibh, agus is iomaí Sasanach a chreid na scéalta uafásacha a bhí á scaipeadh. Rinne Cromail féin tagairt do na cúrsaí seo – 'the most unheard of and barbarous massacre' – agus is dócha gurbh é sin ba chúis leis an lámh chrua a choinnigh sé leis na hÉireannaigh. <ref>Beresford Ellis, Peter (1975). ''Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660'', Hamish Hamilton, lch 21.</ref>
 
== In Éirinn ==
Sular tháinig Cromail ní raibh i seilbh na Parlaiminte ach [[Baile Átha Cliath]] agus [[Doire]], ach ba ghearr gur ghabh sé an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart. Ar dtús ghabh sé dhá chalafort dhaingnithe, [[Droichead Átha]] agus [[Loch Garman]], chun go mbeadh sé in ann lón a thabhairt anall ó Shasana. I Meán Fómhair 1649 mharaigh saighdiúirí Chromail beagnach 3,500 duine i nDroichead Átha tar éis gur ghéill an baile mór – b'in timpeall 2,700 saighdiúir Ríogaí agus gach fear a raibh airm ar iompar aige, agus roinnt sibhialtach, príosúnach agus sagart.<ref name="autogenerated2">Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). ''The Civil Wars'', Oxford 1998, lch 98.</ref> I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé nach léir cén fáth ná conas. Nuair a bhí Cromail ag iarraidh dul chun socraithe bhris cuid de na saighdiúirí isteach sa bhaile mór, mharaigh 2,000 saighdiúir Éireannach agus suas le 1,500 siabhialtach, agus rinne luaith de roinnt mhaith de na tithe.<ref>Fraser, Antonia (1973). ''Cromwell, Our Chief of Men,'' agus ''Cromwell: the Lord Protector'' (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.</ref>
 
Tar éis ghabháil Dhroichead Átha chuir Cromail saighdiúirí ó thuaidh chun greim a fháil ar an tuaisceart agus chuaigh i mbunrinne bailte móra eile a imshuí. Ghéill [[Cill Chainnigh]] ar choinníollacha, mar a rinne a lán bailte móra eile, ar nós Ros Mhic Thriúin agus [[Ceatharlach|Cheatharlach]], ach theip air [[Port Láirge]] a ghabháil, agus nuair a d’imshuigh sé [[Cluain Meala]] i Mí na Bealtaine, 1650, chaill sé suas le 3,000 fear sa troid sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref>
 
D’éirigh leis áiteamh ar na saighdiúirí Protastúnacha Ríogaí i g[[Corcaigh]] teacht leis, rud ar mhór an bua ann féin é agus a thugann léargas (más gá) ar a thábhachtaí a bhí cúrsaí creidimh sa chogadh seo.<ref> Fraser, lgh 321-322; Lenihan, lch 113.</ref> Ach tháinig scéala chuige go raibh Séarlas II tar éis Albain a bhaint amach, agus d’fhill sé ar Shasana ó Eochaill ar 16 Bealtaine 1650. <ref>Fraser, lch 355.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis dó imeacht. Ghéill [[Gaillimh]], an baile mór deireanach a bhí ag na Caitlicigh, i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus maraíodh aon sagart a gabhadh. Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun [[na nIndiacha Thiar]] mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar thalamh garbh i g[[Cúige Connacht]] a roinnt ar ar fágadh de na húinéirí Caitliceacha talún, agus is dócha gur laghdaigh a gcuid den talamh i gcoitinne ó 60% go 8%.
Líne 23:
[[Íomhá:cromwellcoin.jpg|thumb|Leathchoróin a cumadh le linn Chromail, 1658. Deir an inscríbhinn Laidine: OLIVAR.D.G.RP.ANG. - SCO.ET.HIB&cPRO (OLIVARIUS DEI GRATIA REIPUBLICAE ANGLIAE SCOTIAE ET HIBERNIAE ET CETERORUM PROTECTOR) - "Oilibhéar, Cosantóir Chomhlathas Shasana, na hAlban agus na hÉireann trí Dheonú Dé".]]
Nuair a tháinig Cromail chun na hÉireann d’ordaigh sé nach mbainfí lón de bhunadh na haite mura n-íocfaí go cothrom as. Níor ghlacadmhaigh leis riamh go raibh sé freagrach as marú sibhialtach in Éirinn, agus dúirt nach raibh sé dian ar aon dream achseachas amháinar daoinedhaoine a raibh airm ar iompar acu.<ref>Philip McKeiver, 2007, "A New History of Cromwell's Irish Campaign"</ref> Ba é an nós míleata a bhí i bhfeidhm ag an am nach dtabharfaí trócaire d’aon bhaile mór ná d’aon gharastún nach ngéillfeadh agus deis acu chuige.<ref>Woolrych, Austin (1990). "Cromwell as a soldier" as Morrill, John (eag.), ''Oliver Cromwell and the English Revolution'', Longman, lch 111; Gaunt, lch 117.</ref> Dhiúltaigh garastún Sasanach Dhroichead Átha géilleadh ar dtús.
 
Nuair a tháinig Cromail chun réitigh le bailte móra in Éirinn, leithéidí Cheatharlach agus Chluain Meala, chloígh sé leis na coinníollacha agus chosain sé beatha agus earraí na ndaoine.<ref>Gaunt, lch 116.</ref> Deir Tom Reilly, scoláire agus údar, gur sa [[19ú haois]] a cumadh an scéal faoi shléacht na sibhialtach i nDroichead Átha agus i bPort Láirge, ach tá scoláirí eile ann nach bhfuil ar aon intinn leis.<ref>John Morrill. "Rewriting Cromwell: A Case of Deafening Silences." ''Canadian Journal of History.'' December 2003: 19.</ref>