An difríocht idir athruithe ar: "Lochlannaigh"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: mzn:وایکینگ
mNo edit summary
Líne 4:
Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le obair lámha agus le trádáil. Sa [[an Rúis|Rúis]] agus san [[an Impireacht Bhiosántach|Impireacht Bhiosántach]], thugtaí na Vairingiaigh (''Væringjar'', ar bhrí leis ná "fir geasa") ar na Lochlannaigh, agus thugtaí ''an Gárda Vairingiach'' ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí [[An Danmhairg|Danair]], [[An Ghearmáin|Gearmánaigh]] agus [[Normannaigh]] orthu freisin, agus as [[Gaeilge]] déantaí idirdhealú idir dubh-Lochlannaigh, nó Danair, agus Fionn-Lochlannaigh, nó [[An Iorua|Ioruaigh]]. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na [[An tSualainn|Sualannnaigh]], na [[an Íoslainn|hÍoslannaigh]] agus [[Oileáin Fharó|oileánaigh Faró]] náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i [[Sasana]], in [[Albain]], in oirthear na [[Éire|hÉireann]] agus i dtuaisceart na [[an Fhrainc|Fraince]].
 
B'astu siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na [[Normannaigh]], arbh í an [[Fraincis|Fhraincis]] a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón [[11ú aois]] ar aghaidh.
 
{{síol}}