An difríocht idir athruithe ar: "Annraoi Ó Liatháin"

Content deleted Content added
Léirmheas beag ar chupla leabhar leis an údar.
stíl Vicipéide
Líne 1:
[[Scríbhneoireacht|Scríbhneoir]] [[Éire]]annach is ea '''Annraoi Ó Liatháin'''. Stíl chorraitheach éasca aige a mheall go leor daoine óga, go háirithe sa leabhar ''Laochra na Machairí'', stair na [[Mericeánaigh Dúchasacha|Meiriceánach Dúchasach]] a throid in aghaidh ionradh na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]] ar a dtailte sa naoú[[19ú haois Déagcéad]]. Ní raibh sé ina chainteoir dúchais sa chiall is déine, ach is minic a chuaigh sé ar cuairt go [[Gaeltacht]] [[an Rinn|na Rinne]] i gContaeg[[Contae Phort Láirge]] nuair a bhí sé ina pháiste. Tá blas na háite sin ar go leor dár scríobh sé. Chaith sé seal ina óige ina bhall de Chraobh na hAiséirí de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a d'iompaigh ina heagraíocht neamhspleách faoin ainm [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ghaeilge Uladh]] de "Ghlúin an Bhua" an [[Caighdeáin Oifigiúil na Gaeilge|Chaighdeáin). Ba bhall gníomhach é de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] agus chaith sé seal ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.
 
==Saothair==
I measc a chuid saothair tá:
"*''Claíomh an Díoltais",''
"*''Cois Móire",''
"*''Laochra na Machairí",''
"*''An Tíogar Daonna",''
"*''Nead na gCreabhar",''
"*''Luaithreach an Bhua",''
"*''Dún na Cinniúna", ''
"*''Cois tSiúire",''
"*''Buíon Éireannach in Albain".''
agus
"Buíon Éireannach in Albain".
 
De na leabhair thuas, is iad "''Luaithreach an Bhua"'' agus "''Nead na gCreabhar"'' an dá cheann is fusa atá ar fáil inniu, is dócha. Is é is ábhar leis an úrscéal "''Luaithreach an Bhua"'' ná troid éadóchasach na bPoblachtach ar na Státairí in Éirinn, agus an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe ag [[Mícheál Ó Coileáin]]. Maidir le "''Nead na gCreabhar"'', scéinséir crua cranraithe is ea é a chuirfeadh [[Alistair MacLean]] i gcuimhne duit. Is í an phríomhdhifríocht idir an "''Nead"'' agus na gnáthscéinséirí ná gur Sasanaigh[[Sasana]]igh atá sna bithiúnaigh, cineál spiairí agus iad imithe le fiántas in Éirinn. Tá sean-chliché an "''Éireannaigh fhiain"'' iompaithe bun os cionn ag an scríbhneoir, mar sin. Déanta na fírinne, baineann Annraoi a chasadh leath-ghreannmhar féin as gach cliché de chuid genre liteartha na scéinséirí sa leabhar seo. Tá laoch an scéil cosúil le cuid mhór laochra i scannáin ar nós "''[[The Dirty Dozen"]]'': fear is ea é a chuir an iliomad craiceann de ag iarraidh a áit féin a bhaint amach sa saol, ach níor theip an tuathal air riamh sna hiarrachtaí seo. Cineál laoch ócáidiúil atá ann, mar sin, nó fiú frithlaoch. Ach ós rud é gur frithlaoch fíor-Ghaelach é, tá an tsagartóireacht ar ceann de na gairmeacha nár éirigh leis! Siúd is go bhfuil greann ciúin den chineál seo ag dul leis an leabhar, is furasta léamh an ghnáthscéinséara a bhaint as chomh maith, nó coinníonn Annraoi sceitimíní ar an léitheoir ó thús go deireadh an scéil.
 
[[Rang:Daoine]]