An difríocht idir athruithe ar: "Caitríona II na Rúise"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
Líne 19:
==== Caitríona ====
 
[[An Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea í Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríre. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina raibh sí le gnóthaí na banríona a dhéanamh. Má bhí [[Peadar a Trí]] dall ar fad ar theanga na Rúise, ní raibh Caitríona i bhfad ag tógáil na Rúisise, agus sa deireadh, bhí deis mhaith a labhartha aici sa teanga. Deirtear go raibh Rúisis bhorb bhríomhar na cosmhuintire aici go líofa, cé go dteipfeadh an ghramadach uirthi an chorruair. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léi mar dhuine acu féin, agus rinne sí a cuid féin de chultúr na tíre, idir shuáilcí agus dhuáilcí. Ní raibh mórán suime aici riamh ina fear céile ó thaobh an chraicinn de, agus nuair a saolaíodh mac di i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain [[1754]], is iomaí tuairim a bhí ag lucht na caidéise faoi atharthacht an linbh. Bhíothas ag cogar, fiú, gur scológ de phór na Fionlainne a chuir an síol. San am seo, bhí cuid mhór scológa ag labhairt na Fionlainnise timpeall na cathrach i gcónaí. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona an leanbh a thógáil í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Pavel, nó Pól, a baisteadh ar an mbuachaill.
 
==== Bás an Tríú Peadar ====